Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 6 Oideachais le costaisí £2159 tógáíl na scoile a ghlanadh. Is ó mhuintir Shearlaí Beag (Patrick Logue) a ceannaíodh an suíomh leis an scoil a thógáil air agus tógadh cuid mhór den ábhar cloiche ó chuibhreann mhuintir Fanny (Mac Giolla Bhríde) i mBaile na Deora. Chan fhuair muintir Fanny pingin rua ar a shon seo ariamh. Bhí Bill ina Phríomh Oide sa scoil úr go dtí 31ú Meán Fómhair 1931. Ceapadh John Mc Ginley ansin agus Seán Kennedy, Seán Mac Pháidín, Seosamh Ó Gallchóir agus Micheál Mac Aoidh a tháinig ina dhiaidh. Bhíodh Maggie Bhill, nighean le Bill, ag teagasc fosta agus ba ghnách léi na páistí a thabhairt amach sna cuibhrinn agus ainmneacha na bplandaí agus na mbláthanna a thabhairt dóibh. Bhí Kate Doogan, Nora O'Connor, Bridget O'Byrne, Mary Anne Cannon, Bella John Enda, Annie Bhrianaí, Eileen Ward, Máire Ní Dhochartaigh (Uí Fhrighil) agus Máire Dhomhnaill Beag i measc na múinteoirí a bhí ag teagasc ann. Bhí m'aintín, Annie Bhrianaí, ar Scoil Mhíobhuí ó 1924 go 1934 agus thug sí an t - eolas seo a leanas domh i 1997: Rinne John Mc Ginley rang eolaíochta leis na páistí sna hard ranganna agus bhí an trealamh agus scálaí eolaíochta uilig sa scoil. Ceannaóidh dhá thonna guail achan bhliain agus chaithfeadh achan pháiste fód móna a thabhairt leo 'na scoile achan lá. Cóip den amhrán ‘ Ó Domhnaill Abú ’ a thó mé féin síos ón chlár dubh I Scoil Mhíobhuí I 1961

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3