Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 7 Bhíodh na páistí costarnocht don chuid is mó agus is iomaí leamóg agus créacht a bhíodh ar na cosa bochta, gan truaigh gan trócaire do na páistí. Bhíodh leabhar léitheoireacht Béarla agus Gaeilge, leabhar Teagasc Críostaí agus leabhar Táblaí ag na páistí, chuirtí na mata (sums) ar an chlár dubh agus d'fhoghlaim na páistí Stair agus Tír Eolas de ghlan mheabhair. Nuair a thosaigh Annie ar an mheánscoil i dTuar Mhic Éadaigh i Meán Fómhair 1934 cheannaigh sí a céad Atlas ar a bealach ann i Woolworths i Sligeach ar 6 pingne. Tá athrú mór ar oideachas sa tír agus i Ros Goill féin, go háirithe ó na 1960aidí ar aghaidh. Bíonn fonn ar na páistí a dhul 'na scoile na laethanta seo. Druideadh Scoil Mhíobhuí agus Scoil Dhoire a' Chasáín, tógadh scoil úr i gCeann a' Leargaí i 1969 agus bheireann bus na páistí 'na scoile ar maidin agus 'na bhaile tráthnóna. Níl an focal 'costarnocht' san fhoclóir acu agus níl acu le fód móna a thabhairt leo faoina n - ascaill níos mó. Is maith go dtáinig an t - athrú seo – faoi mar a dúirt an file 'Aoibhinn beatha an scoláire' ... Do dhuine ar bith gur mhaith leo tuilleadh eolais fá stair an chórais oideachais in Éirinn is fiú tagairt do Irish Education, history and structure le John Coolahan, agus Irish Primary Education in the Early Nineteenth Century le Garret Fitzgerald Anton agus Danny Shus (Mac Giolla Bhríde ) as Gort na Luchóg

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3