Guth Ghoill, Eagrán 58

Eagrán 58 Aibreán 2018 8 Ba as Ailt a ’ Chorrain, Co. Dhún na nGall a tháinig Niall, athair Shéamus Mhic A ’ Bháird. Chuaigh sé go Toraigh le bheith i gceannas ar an tí solais agus phós sé Éilis Ní Dhúgain gurb as an oileán di. Bhí seisear de chlann acu agus rugadh Séamus ar an Oileán in 1871. Chan ábhar iontais ar bith é gur cainteoir dúchais Gaeilge a bhí ann mar bhí sé ar maos sa Ghaeilge ón chliabhán. Bhí léamh na Gaeilge aige chomh maith, rud a bhí neamhchoitianta ag an am. Ón am a bhí sé ina stócach thuig sé tábhacht an léinn. Luigh sé leis na leabhair am ar bith a mbíodh uair le spáráil aige agus ní hé amháin go bhfuair sé máistreacht ar an Ghaeilge ach d ’ fhoghlaim sé Béarla, Fraincís agus Laidin fosta. Cha bheadh sé ceart ná cothrom, agus mé ag scríobh faoi Shéamus, gan cur síos a dhéanamh ar Oileán Thoraí, a áit dhúchais. Áit lom, fuar, iargúlta atá in Oileán Thoraí atá ina luí amuigh san fharraige mhór thart fa ocht míle ó chósta thuaidh Dhún na nGall, gan aon fhoscadh ná cosaint ón doineann atá le fáil go minic thuas ansin. Nuair a bhí Séamus ar an saol seo, is dóiche go raibh líon mór daoine ar an oileán agus san am sin, go minic, bhí an t - oileán gearrtha ar shiúl ón tír mór de thairbhe cúrsaí aimsire de agus théadh muintir an oileáin tamall fada gan teagmháil ar bith acu leis an tír - mór. Tá dhá theoiric ag dul le hainm an oileáin: Ní raibh roilig ar bith i Machaire Rabhartraigh, an áit ar an tír - mór is cóngaraí don oileán agus cuireadh achan duine a fuair bás ar an tír mór i roilig an oileáin. De bhrí sin, ba é radharc an tórraimh agus é ag dul amach ar bhádaí chun an oileáin an radarc a ghin an t - ainm sin don oileán. Is é tórramh an focal i nDún na nGall fá choinne ‘ funeral ’, agus tháinig Torraigh ón fhocal Gaeilge sin. Is dóiche go bhfuil sin fíor. Ba é ‘ giarrot ’ an t - ainm cleite a bhain Séamus úsáid as. ‘ Sé sin Torraig litriste ón chúl. (Bheadh séimhiú ar an ‘ g ’ an t - am sin.) Litríonn sé é le dhá ‘ r ’ sa dóigh chéanna go bhfuil dhá ‘ r ’ le fáil i dtórramh fosta. Is é an teoiric eile a chuala mé ná gur Toraigh a tugadh ar an oileán mar gheall ar an tor mór atá le feiceáil go soiléir ar thaobh amháin den oileán. Tá codarsnacht mhór ag baint leis an oileán. Níl amhras ar bith ná gur áit lom, neamhthorthúil atá ann ó thaobh na timpeallachta de ach is áit shaibhir, lán, bláfar atá ann fosta, báite i dteanga agus i gcultúr ár dtíre. Rugadh a iníon Eibhlín, a bhí pósta ar Sheosamh Ó Gallchóir as Carraig Airt agus a raibh cónaí uirthi sna Dúnaibh, i mí Nollag na bliana 1916 agus a gcéad mac Colm sa bhliain 1918. Bheadh ceathrar eile clainne acu, Caoimhín, a fuair bás i 1951, Éanna, Breandán agus Mairín a mhaireann go fóíll. Fuair Séamus post ag obair ar son Lloyd ’ s, comhlacht árachais a raibh stáisiún comharthachta ar an Oiléan acu. ‘ Sé an cineál post a bhí aige ná aire a thabhairt do Sa bhlian 1912, phós sé múinteoir scoile a tháinig chun an Oileáin ó Bhun an Phobail darbh ainm Treasa Nic Suibhne.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3