Guth Ghoill, Eagrán 58
Eagrán 58 Aibreán 2018 9 bhádaí a bhíodh ag gabháil thart leis an oileán. Dá bhfeicfeadh sé bád bheadh air teagmháil a dhéanamh leis agus a ghnó a fháil amach chun go dtiocfadh leis an t - eolas a chuir chuig Lloyd ’ s. Ní b ’ shin an t - aon cheangal amháin a bhí aige le bádaí ar ndóigh. Deir Séan Hiúdaí Ó Gallchóir ó Ghort A ’ Choirce (iar - mháistir scoile ar Oileán Thoraigh, a raibh aithne aige ar Shéamus) gur chuir sé eagrú ar bhádóirí Thoraigh i gcúrsaí rámhaíochta – scileanna a bhí acu ón dúchas – go dtí go raibh cliú agus cáil orthu ag rásaí na mbád thart ar chósta Iar - Thuaiscirt Thír Chonaill. Dar leis fosta go raibh slí maireachtála i bhfad ní b ’ fhearr ag na hoileánaigh ná mar a bhí ag muintir na tír - móire. Mar is eol dúinn bhí siopa ag a athair Niall, agus de réir mar a d ’ éirigh sé níos sine, is dóiche go raibh baint mhór ag Séamus leis an siopa. Bhí Seán Hiudaí ábalta inseacht domh gur stop na línéir mhóra ag Oileán Thoraí ó am go ham chun a gcuid earraí don turas a cheannacht i siopa Mhic A ’ Bháird agus iad ar a mbealach go Meiriceá. Dar leis fosta nach raibh a dhath ar bith ar dhroim an domhain nach mbeadh Séamus ábalta fáil duit dá mbeadh sé de dhíth ort, fiú muna raibh sé sa tsiopa aige. Bhí eacnamaíocht an oileáin bunaithe go hiomlán ar an iasc. Thiocfadh leat a rá gurb é an t - iasc airgeadra na ndaoine. Nuair a tháinig daoine isteach chuig siopa Mhic A ’ Bháird agus a gcuid earraí á ndíol acu, bhéarfadh siad éisc do Shéamus in áit airgid. Ansin dhéanfadh Séamus na héisc a easportáil ar fud na hEorpa, go háirithe go dtí an Ghearmáin. Tá cuimhne mhaith ag a iníon Eibhlín faoin am ar chaill a h - athair ceithre mhíle punt nuair a bhí sé ag easportáil na héisc go dtí an Ghearmáin agus bhris an chéad chogadh Domhanda amach. Chaill sé luach leath mhilliún punt, in airgead an lae inniu. Deirtear go raibh cáil air de bharr a láidreachta agus a nirt. Deir an tAthair Eoghan Ó Colm ina leabhar Toraigh na dTonn gur iompar sé seacht go leith céad meáchán de chrúanna capaill síos Cé Mhachaire Rabhartaigh agus deir muintir na nDúnaibh go raibh ancaire ar Chéidh na nDúnaibh agus nach raibh ach beirt fhear ariamh a bhain bogadh as agus b ’ eisean fear acu. Is léir go raibh dúil aige in achan ghné den chultúr Ghaelach, ba shíntiúsóir é don pháipéar Gaelach, An Claideamh Soluis, i 1900, rud a thaispeánann a shuim sa litríocht. Ceithre bliana ina dhiaidh sin bhí a shaothar ‘ Troid Bhaile an Droichid ’, scéal faoin bhruíon chaorthainn a troideadh i dTír Chonaill, i gcló aige sa pháipéar chéanna. Ba é sin bua fiúntach a mhair ina chuid páistí, go háirithe mo sheanathair, Colm. Rinnceoir de ’ n chéad scoith a bhí ann agus bhí sé i mbarr a réime nuair a hiar- radh air dul ar thuras le Comhaltas Ceoltóirí Éireann go Meiriceá agus go Canada sa bhliain 1972 agus go dtí an Bhreatain 1974.Seo pictiúr den teaghlach uilig agus iad gléasta chun rince- oireachta. Teaghlach Shéamais & Treasa (sna Dúnaibh): Ó chlé – Eibhlín, Colm, Caoimhín, Éanna, Breandan agus Mairín
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3