Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 10 na glúine uilig fliuch ná bhí an raithneach lán de sheileoga cuaiche ag an am seo tráthnóna. Bhí lá mór déanta againn ach ghlac muid leis go mbeadh lá ná beirt eile le déanamh againn mar go raibh tábhacht mór ag baint leis an mhóin. Bíonn muid ag brath go mór ar an aimsir leis an mhóin a thriomú. Caitheann muid iad a thiontú agus ansin iad a chróigeadh agus corruair iad a ricliú fosta. Dá mbeadh móin le spáráil agat thiocfadh leat malairt a dhéanamh le cuid de na feirmeoirí móra a ghlacfadh lód móna uait fá choinne lód fiadhacha agus bheadh cúpla stuca fiadhacha an-úsáideach le díon a chur ar na cruacha coirce agus féir ag deireadh an Fhómhair. Char mhothaigh muid go raibh muid sa bhaile aríst. Bhí an bhó blite ag m’athair agus é ar a’ bhealach amach léi. Chuir mo mháthair fáilte romhainn mar a dhéanfadh sí le achan duine agus dúirt sí linn go raibh an dinnéar réidh. Bhí an dinnéar galánta agus go h-áirithe an cáca milis a bhí aici leis an tae i ndiaidh an dinnéara.Tamall ina dhiaidh sin d’fhág Micí agus thug mé buíochas dó ar son a chuid oibre. Nuair a bhí na soithigh nite ag mo mháthair agus m’athair críochnaithe amuigh, shuigh siad síos ag an tine agus shuigh mise síos leofa. D’inis mé dófa fán lá a bhí againn agus cha dear mé dearmad inseacht dófa faoi eachtra an dusta agus an callán a chuala mé ag teacht uaidh. Dúirt m’athair liom gurb é a bhí sa challán ná go rabhar ag tabhairt deis domhsa agus do dhuine ar bith eile a bheadh sa chasán acu an bealach a fhágáil agus iadsan ar a mbealach suas go seomra na cruaiche. ‘ Buíochas dó Dhia’ a dúirt mó mháthair, ‘ gur chroith me an t-uisce coisricthe oraibh agus go raibh do scaball ar do mhuineál agatsa ná bheifeá ar shiúl leofa.’ Is minic a chuaigh mise an bealach céanna ina dhiaidh sin ach ní fhaca mé nó níor chuala mé rud ar bith cosúil le sin ariamh.Ach geallaim daoibh nach ndearna mé dearmad ariamh don lá sin agus an eachtra a bhí agam ar an phortach.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3