Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 13 ugadh Séamus Mac Pháidín in aice le Carraig Airt i mí na Nollag 1842. Bhí ceathrar eile sa teaghlach, John, Mícheál, Margaret agus Grace. Phós Margaret Hughie Bhrianaí Ó Gallachóir as Gorta Móra, Na Dúnaibh. (ba seo sin sean - mháthair Clann Uí Dhochartaigh, Cnoc a ’ Dúin agus Clann ‘ ac Pháidín i gCoill agus ar an Chaiseál – Martin, Eunan agus Bridie Jim i gCoill agus Brendan ar an Chaiseal). Chuaigh Mícheál go Meiriceá, bhí sé ina fhear dóiteáin i dTennessee. Bráthar Críostaí (Brother Norbet) a bhí in John i mBaile Átha Cliath. Rinne a uncail, an Dochtúir ‘ ac Eiteagáin, Séamus a oirniú ina shagart in Ard Eaglais Phádraig, Ard Mhacha Lá Coille 1871. Rinneadh Sagart Paróiste ar Ghaoth Dobhair do Shéamus agus gan é ach 33 bliain d ’ aois ag an am agus chaith sé bliain agus fiche I mbun na paróiste sin go dtí gur athraíodh ‘ na nGleanntach é i 1900. Chaith Grace a saol uilig mar bhean tí aige. Sílim go raibh an tAthair ‘ ac Pháidín rí - fhóirsteanach don saol a bhí amach roimhe, saol doiligh. Treoraí a bhí ann ó nádúr, bhí sé éifeachtach, fuinneamhach agus buan seasmhach. D ’ úsáid sé teanga ghéar go minic agus é ag gríosú na ndaoine in óráidí, ach chuir sé an bhéim i gcónaí ar sheasamh dhaonlathach bhunreachtúil. Bhí tuigbhéal ag Séamus agus é ag éirí aníos, don anró, don mhí - chothromaíocht agus do chruálacht agus do dhaorsmacht na dtiarnaí talún. Bhí ainm an t - Sagart ‘ ac Pháidín fada leitheadach mar cheannródaí an phobail in am Chogadh na Talún sa pharóiste. Bhí sé ina thúr cosanta ag na daoine in éadan ansmacht na dtiarnaí talaimh ó1873 ar aghaidh. Bhí Gaoth Dobhair i ndrochstaid. Bhí a sáith ós a gcoinne a mbeatha a thabhairt i dtír, ach ansin tháinig na tiarnaí orthu. Bhí cíos trom orthu agus mura ndíolfadh siad an cíos cha raibh a dhath fána gcoinne ach an bealach mór. Nuair ba thréine a bhí an t - achrann fá cheist an talaimh tháinig an tAth. ‘ ac Pháidín go Gaoth Dobhair. Ghríosaigh sé na daoine le treoir an Land League a leanstan - gan ach cíos cóir a íoc. Ní raibh sé i bhfad go raibh sé féin agus na h - údaráis in adharca a

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3