Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 14 chéile. Cuireadh an dlí air agus chaith sé sé mhí i bpríosún Dhoire. Nuair a scaoileadh saor é lasadh tinte cnáimh ar na cnoic i nGaoth Dobhair, i gCloich Cheann Fhaola agus sna Rossa. Bhí meas iontach ag na daoine air agus fiú go dtí an lá atá inniu ann tá a chuimhne beo i nGaoth Dobhair. Chuidigh múinteoirí an cheantair, Raidió na Gaeltachta, Amharclann Ghaoth Dobhair, gan trácht ar bhunadh Ghaoth Dobhair iad féin, gairdín cuimhneacháin ina onóir a thógáil agus rinne an tEaspag Ó Buaidhe é a choisreacan sa bhliain 2000. B ’ é Fred Ó Colla, dearthair Nan Cullen a thug an talamh don ghairdín cuimhneachain. Lean sé ar aghaidh leis an obair agus é saor arís. Sagart réabhlóideach a bhí ann agus bhí sé i dtólamh ‘ un spairne leis na tiarnaí. Rinne sé gach dícheall coinníollacha beatha na paróiste a fheabhsú. Chuardaigh sé agus fuair sé deontais fá choinne scéimeanna oibre a chur ar bun. Thug sé ar Bhord na gCeantar Cúng prátaí síl a thabhairt do dhaoine bochta. Thóg sé scoileanna úra, bhunaigh sé cúirteanna dúiche agus cheap giúistísí le dhul ina mbun. Chuir sé stop le déanamh an phoitín agus bhunaigh sé Cumann Measarthachta. Lena linn i nGaoth Dobhair tharla dhá thubaiste mhillteanacha. Ba lena linn a bhí Domhnach na Tuile, Lá Fhéil ’ Muire san Fhómhar, an cúigiú lá déag de Lúnasa 1880, agus Marú an Mhairtínigh ar an tríú lá de mhí Feabhra 1889. Ar La Fhéil ’ Muire san Fhómhair tharla gur an Domhnach a bhí ann fosta agus bhí Teach an Phobail lán go béal. Bhí an lá te marbhánta
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3