Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 15 ach ní raibh duine ar bith ag dúil leis an stoirm bháistí a bhí le theacht. Tháinig an tuile anuas ó na cnoic agus isteach sa tsruth a bhí ag reáchtáil faoi Theach a ’ Phobail. Chuaigh sé thar maoil, phléasc sé agus, i ngan fhios ar dtús, thosaigh an t - uisce ag reáchtáil isteach sa Teach Pobail. I dtréimhse cúig bhomaite bhí an t - uisce deich dtroithe nó níos mó ar airde. Thug an pobal iarraidh ar an ghailearaí agus ar na fuinneoga. Bhí suíocháin ag snámh ar bharr an uisce agus bosca éisteachta ar an t - snámh fosta, chomh maith le sealtaí ban agus bairéid fear. Tháinig an t - uisce i ngan fhios ar an tSagart thuas ag an Altóir, thiontaigh sé thart agus thug sé Absalóid don slua. Rinneadh gníomhartha gaisce an lá sin a shábháil ar a laghad 400 ach báitheadh cúigear. Go dtí an lá atá inniu ann bíonn Aifreann Cuimhneacháin ag muintir Ghaoth Dobhair ar Lá Fhéil ’ Muire san Fhómhar. Ar an tríú lá de mhí Feabhra tharla tubaiste eile a ghoill go mór ar an tSagart agus ar an Phobal - Marú an Mhairtínigh. Cuireadh an dlí ar an tSagart arís ach bhí sé, le cabhair mhuintir na háite, ábalta éalú. Tháinig dlaoi mhullaigh an achrainn nuair a tháinig an cigire Ó Máirtín agus scaifte péas leis le breith ar an tSagart ag am Aifrinn i dTeach Pobail Dhoirí Beaga. Bhí an Pobal tógtha nuair a chonaic siad an cigire ag leagan a láimhe ar an tSagart ar a bhealach ó Theach an Phobail go dtí a theach fhéin. D'ionsaigh siad na péas agus sa ghráscar a tharla fágadh an Mairtíneach ina luí maol marbh ag doras theach an tSagairt. Ba é seo an toradh a bhí ar scéal thruacánta na ndaoine sa dara leath den 19ú Céad. Beireadh ar scór as an phobal agus tugadh go Portlaoise nó Maryborough iad. Gearradh téarma príosúnachta orthu uilig ach bhí triúir a fuair téarma i bhfad níos faide na an chuid eile. Rinne sé iarracht iad a shaoradh ach ní raibh toradh ar a shaothar go dtí go dtáinig Morley i gceannas i 1892 agus scaoileadh saor na príosúnaigh. Tháinig feabhas ar staid na dtionóntaithe ina dhiaidh sin mar cuireadh billí leasuithe i bhfeidhm agus ní raibh sé riachtanach an troid chéanna a dhéanamh ar son na dtionóntaithe ach mar a dúirt mé ghoill bás an
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3