Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 16 Mhairtínigh go mór air. In Eanáir 1897 chuir an tEaspag Ó Dónaill Séamus go Meiriceá le hairgead a chruinniú fa choinne na hArd Eaglaise úire i Leitir Ceanainn. Chaith sé dhá théarma agus chóir a bheith ceithre bliana ann idir 1897 agus 1901. Deirtear go dtug sé cuairt ar achan chathair, baile agus sráid bhaile san áit. Nuair a phill sé go hÉirinn rinneadh Sagart Paróiste dó ar pharóiste na nGleanntach. D ’ fhág sé slán ag Gaoth Dobhair sa bhliain 1901. Níor chaill sé suim sa pholaitíocht agus bhí sé ag an am seo iontach báúil le John Redmond. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus bhí sé ar dhuine de na daoine ag an am a bhí i bhfabhar an Ghaeilge a bheith mar ábhar éigeantach don Mháithreánach. Bhí Gaeilge líofa aige fhéin agus cé go raibh an lucht gnó i bhfabhar Béarla a labhairt bhí ‘ ac Pháidín i gcónaí fa choinne na Gaeilge. Spreag sé na daoine í a labhairt agus go háirithe na daoine óga ins na bunscoileanna a bhunaigh sé. Thóg sé scoil úr agus Teach Pobail úr in Edininfagh ar na Gleanntaí. Fuair an Sagart ‘ ac Pháidín bás ins na Gleanntaí in Aibreán na bliana 1917 agus is ansin atá sé curtha. ‘ Sé a cholceathar An Cairdinéal Ó Laoghóg a cheiliúraigh Aifreann a thórraimh. Sa bhliain 2017 bhí Comóradh Céad Bliain a bháis ann. Rinne Martin Jim Mc Fadden an leabhar ‘ Canon James Mc Fadden - The Patriot Priest of Gweedore ’ a sheoladh. Scríobh an Dochtúir P. Ó Baoighill, staraí agus Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, an réamhrá agus bhí sé i láthair ag an seoladh i gCarraig Airt. Ba é fosta a léígh an tAifreann Cuimhneacháin sa Sean - Teach Pobail i nDoirí Beaga ar lá Fhéil ’ Muire san Fhómhar. Bhí Teach a ’ Phobail lán .
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3