Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 17 á cuid de na sean - nósanna a tháinig anuas chugainn fríd na glúnta chomh fréamhaithe sin sa traidisiún nach n - aithníonn muid sa lá atá inniu ann gur cuid de shaibhreas ár n - oidhreachta atá iontu. Ach, tá cuid eile den oidhreacht agus den traidisiún sin caillte againn ach, ar ndóigh, b ’ fhéidir gur bheag an chaill iad. Chuala mé go minic go raibh nósanna ar leith ag daoine faoi thórramh agus faoin reilig san am a chuaigh thart. Ós rud é go raibh fréamhacha Reilig Mhíobhuí ag síneadh siar go ham Cholm Cille nó mar sin, shíl mé go mbeadh na sean nósanna a bhíodh i gcleachtas ar bharr a dteanga ag cuid de mhuintir na háite. An t - aon rud bunúsach a tháinig mé aníos leis ag an am ná go mbeadh an duine deireanach a chuirtí sa reilig, i gceannas ar an gheafta go dtí go gcuirfí an chéad duine eile. Tá an nós seo léirithe go hiontach sa dráma, Fear an Gheafta, a scríobh Proinsias Ó Cuilinn bunaithe ar an ábhar seo. Ach ag comhrá le m ’ athair baiste dom, Seán Mac Giolla Chearra as Fánaid, lá amháin, d ’ inis sé an scéal dom faoin lá a cuireadh m ’ uncail Mánas (Mac Giolla Bhríde) sa reilig sin. Bhog m ’ athair mór as Dún Dubháin agus shocraigh sé síos ar deireadh i nGlinsce i bhFánaid roimh 1940. Rinne Mánas cairdeas le comharsana úra thall agus bhí m ’ athair baiste ina measc. Nuair a fuair Mánas bás i 1946 agus é ina fhear óg, tugadh ar ais go Reilig Mhíobhuí é le cur sa reilig sin. Mar go raibh m ’ athair baiste ar dhuine de chairde úra Mhánais, mheas sé gur cheart dó cuidiú a thabhairt leis an chónair a iompar isteach chun na reilige, mar nach raibh deartháireacha ar bith ag
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3