Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 18 Mánas. Cha raibh i gceist ag Seán leis sin, ar ndóigh, ach gar a dhéanamh don teaghlach. Ach ar a bhealach isteach chun na reilige, mhothaigh sé lámh ar a ghualainn agus fiafraíodh de arbh é ‘ Mac Giolla Bhríde ’ an sloinne a bhí air. Toisc nárbh ea, bhí aige leis an chónair a thabhairt do dhuine den sloinne sin, duine de mhuintir Mhánais. De ghnáth, fadó, bhíodh go leor deartháireacha agus col ceathracha sa teaghlach a bheadh ábalta an nós seo a chomhlíonadh. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an traidisiún seo beo beathach, cé nár luadh é ar chor ar bith, - go dtí go dtáinig duine, nár de bhunadh na háite iad, i measc na ndaoine. Tharla an rud ceannann céanna do m ’ fhear céile, Séamas, ag tórramh do chara dhil dár gcuid a fuair bás traidhfil blianta ó shin. Cha raibh teaghlach ar bith dá cuid féin aici, agus cé nach de bhunadh na háite Séamas, shíl sé go raibh sé de dhualgas air cónair ár gcara a iompar. Is ansin a chuala sé duine den slua ag rá go mba chóir go mbeadh duine den sloinne ag iompar na cónrach. Bhí an traidisiún sin á chleachtadh ag daoine go dtí le gairid, ach anois ní shílim go bhfuil an tábhacht chéanna ag baint leis, sa lá atá inniu ann. Tá cuid de na nósanna seo ar tí muid a thréigean nó an muidne atá ag déanamh an tréigin, an síleann tú? An bhfuil an ré sin caite ar leataobh againn? Má tá sean - nós ar bith eile ar eolas agat, nós atá caite ar leataobh, mar shampla, ba mhaith liom iad a chloisteáil uait, le do thoil.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3