Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 19 Tá sean - chros ársa ina seasamh i Sean - Reilig Mhíobhaigh leis na cianta. Do shéadchomhartha (monument) atá chomh ársa léi, is aisteach an rud é a laghad eolais agus atá ar fáil fá dtaobh di. Deir seandálaithe (archaeologists) gur cros Laidineach atá inti agus deir siad fosta nárbh as cloch na dúiche seo a rinneadh í. Dá bhrí sin, is dóiche gur tugadh anseo í ó áit inteacht eile in Éirinn nó i gcéin. Deirtear fosta go bhfuil sí thar míle bliain d ’ aois. D ’ fhágfadh sin go raibh sí ann ní amháin in am na Normannach in Éirinn ach in am na Lochlannach agus cath Chluain Tarbh chomh maith! Nuair a bhí Céim Aniar ag iarraidh feasacht an phobail a ardú maidir leis an teanga, mheas cúpla ball gur mhaith an smaoineamh ceangal a dhéanamh idir ár n - oidhreacht agus ár dteanga dhúchais. Ós rud é go bhfuil an Ghaeilge os cionn 2,500 bliain d ’ aois, d ’ fhéach siad thart ag cuartú an siombail ab aosta agus ab oiriúnaí sa cheantar. Ní raibh réiteach na faidhbe i bhfad uathu agus b ’ éascaí an cinneadh a bhí le déanamh acu: Samhail a dhéanamh de Shean - Chros Mhíobhaigh. Nach raibh ár n - oidhreacht agus ár gcreideamh le feiceáil go soiléir in aon áit amháin anois? Agus dá gcuirfí roinnt scribhneoireachta Ghaeilge uirthi, nach cinnte go dtuigfeadh an pobal an dlúth - cheangal idir creideamh ársa na nGael, ár n - oidhreacht agus teanga ársa na nGael? Bheadh siad uilig fite - fuaite in aon láthair amháin anois. Ba léir, fosta, go raibh creimeadh ag teacht ar Chros Mhíobhaigh le fada an lá agus ní hiontas ar bith go raibh imní agus buaireamh ar mhuintir na paróiste, de bharr a gcion agus a meas uirthi. Chomh maith le sin, bheadh samhail den chros ar fáil, ar eagla go dtarlódh rud ar bith don tSean - Chros. Agus b ’ in an fáth a chuaigh siad chuig Reilig Mhíobhaigh leis an chros a thomhais agus le teimpléad a dhéanamh de chairtchlár (cardboard). Ansin, chaith ár mball is sinsearaí an - chuid ama ag dearadh, ag déanamh agus ag maisiú na croise go dtí go raibh sé sásta leis an chuma snasta a bhí uirthi. Scríobhadh na focla Cros Mhíobhaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3