Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 2 CLÁR Coirnéal Nan 2 Lá ar an Phortach 4 Campaí Samhraidh Gaeilge Ceim Aniar 11 An Sagart Mac Pháidín 13 Traidisiún 17 An Drama 2018: Dishealbhú 19 Comórtas Peile na Gaeltachta 22 Cros Mhíobhaigh 26 ular thóg m’fhear céile, Neil, teach s’againn fhéin thíos i nDun Dúbhain bhí muid ag stopadh i dteach Francie agus Willie Cullen. Cha raibh an tsláinte go rómhaith ag Francie (Fuair Francie bás sa bhliain 1978 is fuair Willie bás sa bhliain 2000). Bhí Willie mar skipper ar ‘The Pride of Mulroy’ half -decker a thóg Georgie Doherty do Francie. Bhí an bád seo ag gabháil do na scadáin san Fhomhar agus ag gabháil do na bradáin sa tSamhradh. Bhíodh fir éagsúla ag iascaireacht ar an bhád le Willie síos fríd na blianta. Fir mar a bhí: Hughie Bhrógain, Ned John Nohaí (Ned Carr), Anton Shús (Anton McBride), James Anton (James Doherty), Micí John Enda, (Micí Mac Pháidín) John Den Dhonie, Paidí Coyle, John McNutt, Francie (mo mhac fhéin) Francie Pat (mac Patrick Cullen). Bhí beirt as Toraigh ag iascaireacht leis fosta (chan ag an am amháin) agus bhí an t- ainm céanna ar an bheirt, sé sin ‘Paidí’. Paidí Thoraigh a thug muid ar fhear amháin agus Sean Phaidí Thoraigh ar an fhear eile. Cé gur bhog mé fhéin is Neil agus ár dteaghlach isteach i dteach úr s’againn fhein i 1966 bhíodh na hiascairí amach ‘s isteach idir an dá theach agus dár ndóighe de thairbhe sin bhí aithne mhaith againn ar a chéile. ‘Sé na blianta ag tús na 70idí a bhí Sean Phaidí Thoraigh ag iascaireacht le Willie. Tá mé chóir a bheith cinnte gur 1970 a thosaigh sé ar an ‘Pride of

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3