Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 20 1000+ bliain An Ghaeilge 2500+ bliain ar thaobh amháin agus na focla Má tá sí agat, labhair í ar an taobh eile. Sin déanta, socraíodh go gcuirfí an chros isteach i mórshiúil Lá ‘ le Pádraig, 2017 ach sibhse a bhfuil cuimhne agaibh ar an lá uafásach gaoithe móire agus fearthainne sin, beidh a fhios agaibh gur bheag duine a thug í fá dear an lá sin. Chuaigh sí isteach i mórshiúil Lá ‘ le Pádraig, 2018 i gCarraig Airt, áit ar bhain sí Duais na Gaeltachta. Ansin, cuireadh in airde ar Pháirc Peile na nDúnaibh í do Chomórtas Peile na Gael- tachta chun cuidiú le híomhá Ghaelach a chruthú don cheantar, ó ba rud é gur C.L.G na nDúnaibh a bhí i mbun an Chomórtais. Ós rud é gur ceann d ’ aidhmeanna Chu- mainn Lúthchleas Gael é tacaíocht ghníomhach a thabhairt don teanga Ghaelach agus do chultúr na hÉireann, tá mé cinnte go mbeadh bród thar cuimse ar Mhícheal Cusack, ar Mhúiris Davin agus ar an Ard - Easpag Croke agus na laochra eile a chur Cumann Lúthchleas Gael ar bun, gan a bheith ag caint ar C.L.G Uladh a reachtáileann cúrsa Gaeilge Shéamais De Faoite sna Dúnaibh achan bhliain. Anois, tá muid ag cuartú áitreabh cónaithe úr di agus má tá smaointe ar bith agaibh faoina leithéid, bheadh muid buíoch daoibh iad a chur in iúl dúinn ag 074 - 9154830, le bhur dtoil.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3