Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 21 Cé nach bhfuil greann ar bith ag baint lena leithéid d ’ ábhar agus dar ndóigh is rud é an díshealbhú a chruthaíonn fearg i gcroíthe na nGael agus go háirithe na Gaeil sin a raibh an mí - ádh orthu an Tríú Iarla Liatroma a bheith mar Thiarna Talún orthu, mheas mé fhéin go mbeadh greann ina chuidiú leis an scéal seo a chur i láthair. Is dráma grinn é ‘ Díshealbhú ’ atá bunaithe ar scéal a chuala mé fán Tiarna Liatrom. Bhí sé mar sprioc aige balla a thógáil ó Thrá na Rossan go dtí an Mhaol Ruaighe thíos ag bun malaigh na sean - scoile i nDún Dubháin agus achan duine taobh ó thuaidh den bhalla sin a chaitheamh amach. Díshealbhú millteanach a bheadh anseo i dtaca le Ros Goill de mar ghlanfadh sin na teaghlaigh uilig amach as an Mheall Mhór, as Gort na Luchóg agus as Dun Dúbháin. Sula raibh sé ábalta seo a dhéanamh scaoileadh é agus chuir sin deireadh leis an phlean uafásach sin. Is dráma trí gníomh é a chur Aisteoirí Mhíobhaigh i láthair sna Dúnaibh, sa

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3