Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 22 Spidéal (Féile Náisiúnta inár thóg siad dhá ghradam), agus i nGaoth Dóbhair. Cha raibh na haisteoirí uilig ar fáil i mbliana de thairbhe go raibh Comórtas Peile na Gaeltachta sna Dúnaibh agus bhí Aodh Mac Laifeartaigh (Hughie Finagh) agus Séan Mac Giolla Bhríde (John Mhici Rua) róghnóthach le páirt a ghlacadh sa dráma. Ba seo an chéad Dráma nach raibh John páirteach ann agus go direach an dara Dráma nach raibh Hughie páirteach ann. Bhí an t - ádh orainn gur ghlac Ruairí Ó Fríl as Fanad páirt ann (Andrew—Mac an Tiarna) agus is aisteoir den scoth atá ann. Tá shúil agam go gcoinneoidh sé ag dul mar bhall d ’ fhoireann Aisteoirí Mhíobhaigh ó seo amach. Bhí Seán Ó Dochartaigh, (An Tiarna) Seosamh Ó Cuilinn (Joe) (Áidsint an Tiarna), Seán Mac Laifeartaigh (John Frank) (RIC), Síle Ní Fhríl (Searbhónta) agus Proinsias Ó Cuilinn (Buitléir) páirteach sa dráma fosta. Ba seo an dara dráma a bhí Síle páirteach ann agus ta sí ag dul ó neart go neart. Mar is eol daoibh cuireann Aisteoirí Mhíobhaigh dráma fada ar an ardán achan bhliain agus tá muid iontach buíoch don phobal áitiúil a thagann amach achan
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3