Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 24 Mar is eol daoibh uilig bhí na Cluichí Náisiúnta de Chomórtas Peile na Gaeltachta sna Dúnaibh le linn deireadh seachtaine na Cincíse, comórtas a mheall na sluaite go dtí an cheantar. Bhí foirne ag glacadh páirt ó Dhún na nGall, Muigheó, Gaillimh, Ciarraí, Port Láirge, An Mhí, Baile Átha Cliath agus as Béal Feirste. Bhí na cluichí náisiúnta an- seo uair amháin cheana, ba sin sa bhliain 1986. Ach macasamhail achan rud eile cha raibh cosúlacht ar bith idir chomórtas na bliana ’86 agus chomórtas na bliana seo. Tá an comórtas anois i bhfad níos mó agus lena chois sin tá Comórtas na mBan an - tábhachtach anois cé nach comórtas oifigiúil sa chomórtas náisiúnta atá ann go fóill. Is dócha gur ceann de na deacrachtaí móra a bhaineann leis an chomórtas anois ná go bhfuil trí pháirc riachtanach leis an chomórtas a reáchtáil go héifeachtach. Bhí ar na Dúnaibh úsáid a bhaint as Páirc Naomh Mícheál ar an Satharn mar cé go raibh an dá pháirc againn sna Dúnaibh bhí an oiread sin cluichí ar an Satharn go raibh an tríú páirc a dhíth. Tá CLG Na nDúnaibh iontach buíoch do Naomh Mícheál as úsáid a bpáirce a fháil. Ullmhúchán. Bhí CLG Na nDúnaibh ag obair ar chúrsaí ullmhúcháin le bliain go leith roimhe sin agus níl amhras ar bith ná go raibh obair ullmhúcháin mhór le déanamh agus freastal le déanamh ar shlua chomh mór sin. Cuireadh bail cheart ar na páirceanna, cuireadh sconsa thart orthu agus tógadh seastán úr. Le seo uilig a dhéanamh bhí air- gead a dhíth agus sin an chúis a bhí leis an chranchur mhór a rinneadh a reáchtáil roimh an chomórtas. Thug airgead an chranchuir faoiseamh don chumann agus deis dóibh leanstan ar aghaidh gan bac lena gcuid ullmhúcháin. Tacaíocht an Phobail. Níl dóigh ar bith a dtiocfadh le CLG Na nDúnaibh an comórtas seo a reáchtáil gan
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3