Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 25 tacaíocht an phobail – bhí lóistín le socrú, carranna le páirceáil, geaftaí le déanamh, cistin agus barra le reáchtáil san ollphuball agus cluichí le reáchtáil. Ach thaispeán an pobal chomh fial flaithiúil agus atá siad nuair atá cuidiú a dhíth agus d ’ oibrigh na sluaite go dícheallach, díograiseach le linn an deireadh seachtaine, cuid mhaith acu, b ’ fhéidir nach bhfuil suim ar bith acu i gcúrsaí peile ach a raibh fonn orthu cuidiú a thabhairt. Gan tacaíocht an phobail cha bheadh an dea - thoradh leis an chomórtas mar a bhí. Ár Muintir as Baile. Cha dtig a bheith ag caint ar an chomórtas gan ár muintir atá ar shiúl as baile a lua. Chan amháin go dtáinig ár muintir ‘ na bhaile ó áiteacha ar fud na tíre ach tháinig siad ó áiteacha thar lear fosta—ón Astráil, as Boston, as Copenhagen, as an Bhreatain Mhór, agus as Singapore. Chan amháin go dtáinig siad ‘ na bhaile don chomórtas ach thug siad lámh chuidithe comh maith. Níl amhras ar bith ná gur spreag Comórtas Peile na Gaeltachta spiorad iontach sa cheantar, b ’ fhéidir an cineál spioraid nár shíl muid a bheith ansin. Maidir leis na cluichí fhéin cha dtiocfadh le toradh a dhath níos fearr a bheith leis an chomórtas seo don chumann áitiúil. Thug an bhuaidh a bhí ag foireann ban agus foireann fear na nDúnaibh an - spreagadh don cheantar agus chuir sé go mór leis an deireadh seachtaine. Macasamhail féile nó comórtas de chineál ar bith bíonn rathúlacht agus deathoradh na hócáide ag brath ar chúrsaí aimsire agus níl amhras ar bith ná go raibh Dia fabhrach don cheantar don deireadh seachtaine mar go raibh aimsir den scoth againn. An Cailín Gaelach. Taobh amuigh de chúrsaí peile bhí imeachtaí eile ar siúl fosta. Bhí ceol agus damhsa san ollphuball le linn na n - oícheanta a raibh an comórtas ar siúl agus lena chois sin Clíona Ní Ghallchóir Shannon Nic Rodaí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3