Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 26 bhí Comórtas an Chailín Ghaelaigh. Seachtar girseach a bhí san iomaíocht don Chailín Gaelach. B ’ í Shannon Nic Rodaí, iníon Josie agus Olivia a bhí san iomaíocht do na Dúnaibh. Sar pheileadóir í Shannon agus d ’ imir sí d ’ fhoireann na Contae. B ’ í Clíona Ní Ghallchóir, cailín Gaelach Ghaoth Dobhair agus Dhún na nGall a bhuaidh comórtas an Chailin Ghaelaigh. Girseach álainn as Mín A ’ Chladaigh í Clíona agus tá sí ag staidéar ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Na Meáin. Ceann de na buntaistí móra a bhain leis an aimsir ghrianmhar bhrothallach ná go raibh radharcanna áille an cheantair le feiceáil, ní amháin ar fud na tíre ach ar fud an domhain mar go raibh TG4 ag craoladh beo le linn an chomórtais. Ba mhór an rud é go bhfuair an ceantar an oiread sin poiblíochta le linn an deireadh seachtaine ní am- háin ar TG4 ach ar Raidió na Gaeltachta comh maith. Barúlacha ón Chomórtas. Cuireadh ceist ar chuid mhaith daoine a bhí anseo don chomórtas a mbarúlacha a thabhairt faoi chomórtas na bliana seo. Bhí roinnt rudaí a sheas amach agus a luaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3