Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 27 cuid mhór daoine. Shíl cuid mhór daoine go raibh áiseanna den scoth againn anseo, tá siad ansin anois agus tá súil ag an chumann go mbainfidh na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh tairbhe astu. Agus muna mbeadh an comórtas againn is cinnte go mbeadh sé tamall de bhlianta sula dtabharfaí faoi chuid de na háiseanna atá ansin anois. Lena chois sin beidh an cumann ag toiseacht gan mhóill le athchóiriú a dhéanamh ar an Ionad. Bhí na daoine a tháinig iontach sásta ar fad le praghsanna an bhidh agus na dí, ba seo pointe a luaigh a lán daoine – cha raibh ‘ rip - off ’ ar bith. Luaigh achan duine fosta cairdiúlacht na ndaoine agus de thairbhe sin caithfear creidiúint mhór a thabhairt d ’ achan duine a bhí ag obair. Níl tréith a dhath níos fearr ná níos tábhachtaí a d ’ fhéadfaí a cheangal le ceantar ar bith ná cairdiúlacht a muintire. Buíochas. Ba mhaith le CLG, na nDúnaibh a mbuíochas ó chroí a ghabhail le pobal na paróiste as an tacaíocht iontach a thug siad don chumann le linn Chomórtas Peile na Gaeltachta.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3