Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 3 Mulroy’ agus cha raibh Béarla s’aige rómhaith ar chor ar bith. Cé gur Nan a tugadh ormsa an chuid is mó den am, is Áinee a thug Sean Phaidí Thoraigh orm agus tharraingíodh sé amach an ‘ee’ ag deireadh Áinee agus é ag labhairt liom. Bhí sé stopadh sa seanteach le Francie is Willie agus bhí sean- tine fhoscailte ann. Cibé ar bith bhí droch chasachtach ar Sean Phaidí Thoraigh an lá seo agus cha raibh an form go rómhaith leis. Lá gaofar, garbh, ceathach a bhí ann agus bhí Sean Phaidí Thoraigh ina shuí cois na tine agus cruit air agus bhí achan réabadh de chasachtach mhillteanach amach as. An chéad rud eile thug sé fá deara buidéal beag donn a théamh sa ghríosach. “Hoí, a Willie,” a dúirt sé, “cad é atá sa bhuidéal sin.” “Ó” arsa Willie, sin cógas do na hainmhithe.” “Bhail,” arsa Sean Phaidí, “má tá sé maith go leor do Áinee, beidh sé maith go leor domhsa,” agus thóg sé an buidéal, tharraing sé amach an píosa páipéar donn a bhí teannta isteach mar stopper sa bhuidéal agus chaith sé siar a raibh sa bhuidéal. Tharla sé uilig chomh tapaidh sin nach raibh Francie nó Willie ábalta stop a chuir leis. Bhí an bheirt acu ansin stioctha leis an gháire agus cha raibh siad ábalta labhairt. Nuair a fuair siad smacht orthu fhéin sa deireadh char dhúirt siad a dhath le Sean Phaidí Thoraigh. Cibé ar bith, maidin lá arna mhárach bhí an ghrian ag soilsiú agus cha raibh oiread gaoithe ann is a shéidfeadh amach coinneal ort. Agus éist le seo, iontas na n-iontas bhí Sean Phaidí Thoraigh mar a bheadh coileach óg ag siúl thart fán áit agus achan sean phort is achan sean amhrán as Toraigh a cheol aige. Taispeánann sé duit, nach ndéanann. Neil Ó Cuilinn agus Paidí Bhrianaí Mac Lochlainn

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3