Guth Ghoill, Eagrán 59
Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 4 éirigh mé le h- éirí na gréine agus d’amharc mé amach an fhuinneog chun a fháil amach cad é an cineál lá a bhí a gabháil a bheith againn. Buíochas do Dhia bhí cuma mhaith ar an lá.An chéad lá de mhí na Bealtaine a bhí ann agus bhí sé socraithe agam fhéin agus ag mo chara Micí lá a dhéanamh ar an phortach. Téann lear daoine go dtí an phortach an lá sin mar go n-éiríonn ola ó dhoimhneacht an phortaigh go barr na mbachtaí ó mhí na Bealtaine amach. Deirtear go mbíonn i bhfad níos mó nirt agus teasa sa mhóin a ghearrtar i mí na Bealtaine de thairbhe an ola a bheith inti. Dhéanfaí an tine a choigilt i gcónaí san oíche i dteach s’againne agus cha bheadh sé deacair í a lasadh ar maidin go háirithe dá mbeadh muid mall ag dul a luí san oíche. Chomh luath is bhí an tine lasta chuir mé air a’ citeal le é a ghoil fá choinne an bricfeasta agus chuaigh mé amach leis an bhó a bhlí ansin. Bhí an bhó istigh sa bhóitheach go fóill againn ach i ndiaidh an chéad lá de mhí na Bealtaine d’fhágadh muid an bhó amuigh san oíche agus bheadh sí amuigh ón lá sin amach. Bhí an bhó breá modhúil agus dá thairbhe sin bhí mé ábalta an canna a chur idir mo ghlúine agus í a bhlí le mó dhá lámh.Ar dtús cheangail mé an ruball thart ar a cois mar is minic go mbeadh an ruball salach agus thiocfadh leat sceilp a fháil fan tsoc dá gcroitfeadh sí a ruball agus tá mé ag inse duit nach mbeadh sin ró dheas an chéad rud ar maidin. Cha raibh mé i bhfad ag gabháil don bhlí nuair a chuala me an cat ag an doras nó bhí sise ag cuartú a bricfeasta fosta mar go mbeadh sí ag an doras achan mhaidin nuair a bhítí ag blí. Nuair a bhí an bhó blite agam chuir mé m’ordóg sa bhainne agus rinne me comhartha na croise leis an chúr os cionn a hútha. Maram gur ag tabhairt buíochais ar son an bhainne a bhí mé agus fosta go mbeinn ag glacadh leis go mbeadh bainne aici sa tráthnóna nuair a d’fhillfinnse le í a bhlí aríst.Ansin thug mé deoch don chat ar mo bhealach amach ón bhóitheach agus mé ag
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3