Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 5 déanamh mo bhealach isteach go gasta ar eagla go mbeadh an citeal goilte tirim agus ag an am chéanna ag déanamh cinnte gan an bainne a bhí liom a dhoirteadh. Ceart go leor bhí an citeal ag goil. Nigh me mo lámha agus líon mé an taephota agus chaith mé gráinnín tae isteach ann. Fuair mé cúpla aibhleog ansin agus chuir mé an taephota ‘na shuí ar mhullach na n -aibhleog leis an tae a tharraing.A fhad is a bhí seo ag tarlú fuair mo mháthair toirtín mór amach ón driosúr agus ghearr sí cúpla slios domh agus chuir sí slap breá ime orthu. Bhí sé galánta le babhal breá’ tae agus cúpla ubh. Gan mhoill ina dhiaidh sin chuala me scairt ag an doras, Micí a bhí ann, ‘...nach bhfuil tú réidh go fóill, tá muintir Éamoinn ar shiúl le fada’ ar seisean. ‘Tar isteach’ a dúirt mo mháthair leis agus í ag cur fáilte roimhe mar a dhéanfadh sí le achan nduine, ‘ agus glac bolgam beag i dó lámh, nach bhfuil fhios agat go mbeidh lá fada go leor agaibh’. ’Rinne mo mháthair cinnte go raibh achan rud linn. Chuir sí ádh orainn agus gan amhras chroith sí an t-uisce coisricthe orainn ansin mar a dhéanadh sí le achan nduine a bheadh ag fágáil a’ tí maidin nó oíche. Bhí dhá spád leathan agus sleán linn; ár gcuid istigh i mála plúir ag mo mháthair; canna uisce linn fa choinne an chéad tae; agus thug muid aghaidh ar an phortach.Ag siúl a bhí muid agus siúl breá fada a bhí againn agus an chuid is mó de in éadan an chnoic, ach char chuir sin isteach nó amach orainn ná bhí muid breá cleachtaithe ag siúl. Bhí drúcht breá trom ar a’ talamh agus bhí na coiníní amuigh ag ithe an fhéir nuair a bhí sé deas bog ar maidin . Bheadh an ghrian ag éirí láidir gan mhoill agus bheadh an drúcht ag triomú go gasta agus cha bheadh an féar chomh milis ansin. Bhí na caoirigh ag bogadh amach ó na bruacha mar gur sin an áit a luíonn siad san oíche ar an fhoscadh ón ghaoth agus ón fhearthainn agus da bhfeicfeá na huain bheaga agus iad ag bocléimnigh thart suas agus anuas ar thaobh an chnoic, shílfeá go raibh siad ag rásaíocht in éadan a chéile agus b’fhéidir go raibh. Ansin chonaic muid easóg ag reáchtáil trasna an bhealaigh mhóir os ár gcomhair; stad sé bomaite agus d'amharc sé go dána orainn agus buíochas do Dhia rith sé leis ansin isteach ar chúl creige mhóir. Char bhac muid leis an easóg mar is minic uair a chuala mé go raibh easóg ábalta a ruball a chur isteach ina bhéal agus fead a ligint as agus ansin go dtiocfadh na heasóga eile uilig le cabhair a thabhairt dó, gheobhadh siad greim scornaí ort agus dhiúlfadh siad do chuid fola.Tá fhios agam nuair a gheobhann easóg greim ar choinín gur greim scornaí a gheobhann sé air agus diúlann sé a chuid fola mar chonaic mé

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3