Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 6 féin sin agus ghlac mé leis gur sin cúis mhaith go leor gan a dhul a chóir. Char mhothaigh muid go raibh muid ag na bachtaí agus an chéad rud a bhí orainn déanamh ná tine a lasadh. Sin an rud ba ghnáth le achan duine a dhéanamh ar dtús agus cha raibh muidinne chun sin a athrú. Chruinnigh muid suas dartáin ar bith a bhí ina luí thart agus dornán caora agus dosán fraoigh leis an tine a lasadh agus chuir muid túrtóga ar bith a bhí measartha tirim thart uirthi le í a choinneáil ag dul ina dhiaidh sin. Las muid an tine agus cha raibh sé am ar bith go raibh an toit ag dul suas go h-ard sa spéir. Ansin fuair mé an buidéal bainne agus chuir me síos i bpoll portaigh é ar eagla go rachadh an bainne géar leis an teas agus chuir me an t-im i bhfolach ón ghrian fosta ná bheadh sé léite leis faoin ghrian. Chuir me an t-uisce isteach i bpoll caoiche le é a choinneáil fuar nó cha bheadh maitheas ar bith ann leis an tart a bhaint díot da mbeadh an t-uisce te. Mar a dúirt mé bhí dhá spád leathan linn mar go raibh againn leis na bachtaí a pháráil ar dtús. Obair mhaslach a bhí sa pháráil agus leoga bhí an páráil an-domhain in áiteacha ach cha raibh rogha ar bith againn ach coinneáil ag dul. Bhí an lá an- te agus bhí muid ag cur allais ach d’ól muid go leor uisce. Nuair a bhí an chéad bhachta páráilte againn fuair Micí píosa giúise agus sean-chróigeán móna a bhí ina

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3