Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 7 luí thart ón bhliain roimhe sin agus chóirigh sé suas an tine. Fuair mise an sleán ansin agus thosaigh muid ag gearradh. Bachta dhá fhód a bhí ann. Bhí mise ag gearradh agus Micí sa pholl. Chuir sé an fhód uachtarach amach ar an bhruach. Bíonn sé níos fusa an mhóin a bhíonn ar an bhruach a thriomú na an mhóin a bhíonn sa pholl mar go mbíonn an bruach tirim. Dá mbeadh bachta trí fhód agat ghlacfá an chéad dá fhód a chur amach ar an bruach agus leora bhí sin docharach go leor ar an fhear a bhí sa pholl. Buíochas do Dhia go raibh an sleán breá géar ná bhí an fhód uachtarach an-righin in áiteacha agus de thairbhe sin bhí sé doiligh í a ghearradh, ach d’oibrigh muid linn. Cha raibh uaireadóir ar bith linn leis an t-am a insint ach bhí mise breá ábalta buille fá thuairim a thabhairt le hamharc ar an ghrian. Bhí an ghrian breá ard sa spéir anois agus bhí fhios agam go raibh am dinnéara ann agus leora bhí sé tuillte go maith againn ná d’oibrigh muid go cruaidh i rith na maidine. Bhí gríosach de thine againn, fuair muid an t-ábhar uilig don tae a bhí curtha i dtaisce againn, an bainne, an t-im agus an t-uisce agus rinne muid an tae. Líon mé an taephota ansin ach rinne me cinnte gur chuir mé caora isteach sa taephota mar gur chuala mé í gcónaí go gcuidíonn sin an toit a choinneáil amach as an tae mar go mbeadh blas tréan ar an tae dá mbeadh toit ann. Chuir mé síos na h-uibheacha ansin, beirt a’ duine agus chuir me gráinnín beag salainn ar bhlaosc na n-uibheacha mar coinníonn sin an bhlaosc ó bheith ag scoilteadh leis an teas. Thóg Micí amach ubh go bhfeiceadh sé an raibh siad réidh. Má thriomaíonn an ubh chomh luath agus a thógann tú amach as an uisce í bíonn an ubh réidh. Bhí achan rud réidh anois agus shuigh muid síos ar bhruach dheas ghlas lenár gcuid a ithe. Bhain muid sult tréan as an bhéile agus chuir mé achan rud ar shiúl agus ansin luigh muid arais ar an bhruach lenár scíste a dhéanamh ar feadh deich mbomaite nó mar a deir an seanfhocal - nuair atá an bolg lán is maith leis na cnámha síneadh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3