Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 8 Le linn dúinn a bheith sínte ar an bhruach chonaic muid eitleán ag imeacht léi trasna na spéire. Dúirt Micí gur dóiche gur bodaigh mhóra uilig a bheadh ar an eitleán sin, cuid acu ag dul ar a gcuid laethanta saoire, cuid eile acu ag dul ó thír go tír ag déanamh a ngnó agus nach mbeadh amhail ná aird acu sin ar an phortach. D’aontaigh mé fhéin le Micí agus dúirt mé leis gur ‘... sin saol s’acusan agus seo saol s’againne anseo’ . Luigh muid isteach leis an obair arís. Fuair mise an spád leathan ar dtús agus chaith mé amach traidhfil sclatógaí leis an bhachta a fhoscailt suas agus chuaigh Micí isteach sa pholl ansin. Bhí corr áit agus cha raibh sé ábalta an mhóin a chur amach sa pholl mar go raibh barraíocht uisce ‘na luí thart. Bhí aige leis an mhóin sin a chaitheamh amach ar an bhruach fosta agus rinne sé fuinneoga de chuid acu, rud nach dtiocfadh le achan duine a dhéanamh. Bhí muid ag obair go cruaidh, chríochnaigh muid an bachta sin ach rinne mé cinnte gur fhág mé an dá fhód deireanach ar eagla go dtiocfadh mallacht Cholmcille orainn mar gurbh é sin coiscéim Cholmcille.Thosaigh muid ar bhachta a raibh fód dubh ann ansin. Bhíodh teas iontach maith as an mhóin dhubh agus leoga bhí bachtaí dubha gann go leor. Ghearr mé an mhóin dhubh i bhfad níos mó ná an mhóin eile mar nuair a thriomódh siad suas bhrisfeadh siad ar shiúl agus cha bheadh a dhath fágtha agat ach dartáin. Bhí dícheall inár gcuid oibre agus tháinig ocras orainn arís. D’amharc mé ar an ghrian agus bhí sí breá ard sa spéir anois, ‘...tá am an tae tráthnóna ann’ a dúirt me le Micí. Cha raibh uisce ar bith fágtha againn ach bhí tobar beag cóngarach dúinn agus caithfidh mé a rá gurb é an t- uisce ab fhuaire is a d’ól mé ariamh. Rud eile fán tobar seo, dhoirteadh achan duine deor bheag uisce ón tobar ar chaol a gcuid lámh sula n-ólfadh siad é. Bhí Micí ag cur bail ar an tine agus thug mise an canna liom leis an t-uisce a fháil ón tobar. Cha raibh mé i bhfad siar an bealach gur chuala mé callán ar mo chúl agus leis an fhírinne a rá bhain sé léim asam. Nuair a d’amharc mé thart cha ndéanaim dearmad a choíche den rud a chonaic mé. Bhí scamall dusta ag éirigh aníos ón bhealach mhór agus feadalach agus sceamhlach ard ag teacht amach as. Mhair seo thart fá bomaite sílim, agus ansin d’imigh an scamall dusta suas ar thaobh an chnoic agus é ag tarraingt ar áit a dtug muid seomra na cruaiche air. Bhí sé ráite gurb é sin an áit a raibh cónaí ar na daoine beaga i bhfad ó shin. Nuair a fuair mé m'anáil ar ais rith me liom agus líon mé an

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3