Guth Ghoill, Eagrán 59

Eagrán 59 Meán Fómhair 2018 9 t-uisce agus char stad mé go raibh mé ar ais ag na bachtaí.’ Faoi Dhia’ a dúirt Micí, ‘ Cad é a bhí ansin?’ Agus é chomh bán le sneachta.’ ‘Níl fhios agam a Mhicí ach cha shílim go raibh sé saolta’ a dúirt mé. Rinne muid an tae agus bhruith muid uibheacha, cha raibh an oiread cainte uainn an uair seo. I ndiaidh dúinn scíste maith a bheith againn chrom muid ar an obair aríst. Rinne muid dul chun cinn maith agus dheamhan i bhfad go raibh na bachtaí a bhí páráilte againn gearrtha.Thosaigh muid ar an pháráil arís. Cha raibh ach fód amháin ar a’ bhachta seo agus bhí Micí ábalta iad uilig a chur amach ar an bhruach. Bachta breá fada a bhí ann ach choinnigh muid ag dul gur chríochnaigh muid é. D’amharc mé thart agus bhí an chosúlacht air go raibh am baile ann mar go raibh an ghrian a bhí go h-ard sa spéir i lár a lae, bhí sí ar a bealach siar anois, agus na caoirigh a bhí ar bharr an chnoic i rith a lae bhí siadsan anois ar a mbealach anuas go dtí na bruacha aríst. Bhí am stad ann. Rinne mé cinnte go raibh an tine as i gceart sa dóigh is nach dtosódh sí suas aríst i lár na h-oíche agus an cnoc a chur ar thine. Sin déanta chruinnigh mé suas achan rud a bhí linn agus ghlan mise an sleán agus ghlan Micí an dá spád. Nigh muid ár lámha ansin mar chuala mé i gcónaí go raibh sé níos fusa an portach a bhaint duit le huisce portaigh ná uisce ar bith eile.Thug muid aghaidh ar a’ bhaile ansin. Bhí na seilidí le feiceáil ar thaobh an bhealaigh mhóir sa tráthnóna agus shílfeá gur comórtas a bhí acu agus a gcuid adharca sínte go h-ard san aer acu. Ghlac muid aicearra ar ár mbealach ‘na bhaile ach má rinne fhéin fuair muid

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3