Guth Ghoill, Eagrán 60
Eagrán 60 Samhain 2018 10 Ach an phléisiúr ba mhó a bhí acu na an teagmháil a rinne siad leis na bradáin - seomraí móra agus dréimirí éisc le deis a thabhairt do na bradáin teacht ar ais chuig an abhainn as a dtáinig siad. Bhí daoine ann a gcuntas agus ag coinneáil cuntas orthu. Tháinig John ‘ na bhaile sa bhliain 1954. Chuaigh a dheirfiúr go Meiriceá agus cha deachaigh John go hAlbain níos mó. Chaith Máire ceithre no cúig bliana i Meiriceá. Chuaigh sí go hAlbain ansin. Phós Máire John Ó Toole. Bhí triúr clainne acu: Peter, Rosemarie & Margaret. Bhí siad ina gcónaí ar an Chraoslach. Tá Máire agus John marbh le traidhfil blianta . Chuaigh Eoghan go hAlbain achan bhlian. Ar an drochuair fuair sé bás ins an Royal Infirmary i nDún Éideann sa bhlian 1958. Chaith John an chuid eile dá shaol sa bhaile ag feirmeoireacht agus ag obair anseo is ansiúd. Bhí veain bheag bhán aige ina dtug sé daoine chuig an Aifreann achan Domhnach. Ní raibh an tsláinte rómhaith aige sna blianta deireanacha agus fuair sé teach i gCarraig Airt. Chaith se cúpla téarma ins an ospidéal i LeitirCeanainn, i Rath Mealtáine agus i Leifear. Bhí sé in Áras Uí Dhomhnaill i mBaile na nGallóglach le dhá bhliain. Fuair sé bás in Ospidéal Leitir Ceanainn i mbliana. Cuireadh é i Reilig Mhíobhaí lena athair agus lena mháthair. Fear modhúil, múinte a raibh sárchuimhne aige, eolas iontach aige ar stair na háite agus muintearas mhuintir na háite . Ina óige sheinn sé ar an mhileoidean. Nuair a bhí sé ina thachrán thug a uncail, Edward an Choyley, mileoideon chuige. Bhí John ag súgradh leis. Cha raibh se ach dhá bhliain. Bhí sé ina shuí ar an urlár agus an mileoidean idir a dhá láirc. Thug an teaghlach faoi deara go raibh se ag baint ceoil as. An lá deireanach a chonaic mé é cha raibh mórán fonn seinnte air ach le giota beag spreagadh sheinn sé cúpla líne de Chruacha Glas na hÉireann agus is dóiche gur sin an port deireanach a sheinn sé. Tá súil agam go bhfuil sé anois ag seinm sna Flaithis, leis na haingil, leis na Naoimh, lena mhuintir agus le muintir an Íochtair uilig ata anois ar shlí na fírinne. Go ndéana Dia a mhaith air. - Finola Hudaí John sa chuibhreann.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3