Guth Ghoill, Eagrán 60

Eagrán 60 Samhain 2018 11 haith mé tráthnóna galánta le tamall i gcuideachta Jimmy Dhonnchaidh Mhicheáil agus a nighean Caitlín (Mac Giolla Bhríde) as Cluain tSaileach. Is iomaí ábhar cainte a bhí againn, ach, cosúil le go minic roimhe seo, thosaigh muid ag caint fan tsean am. Bhí mé féin agus mo mhuintir thíos ag an teach solais ar an Mheall Mhór i rith an tSamhraidh agus smaointigh mé nach raibh mórán eolais agam fan teach solais. D’fhiafraigh mé de Jimmy fá dtaobh de agus roinn sé a chuid eolais agus a chuid ama go fial flaithiúil liom. Cha raibh Jimmy cinnte cén bhliain ar tógadh an teach solais, ach, i dtús ama, is ola phairifin a húsáideadh leis an solas a choinneáil lasta ann. Bhí turas fada le Ag dul trasna go dtí ’ n teach solais ar an Mheall Mór. Tabhair faoi deara gur málaí lán de stroighin a húsáideadh leis an bhealadh a thógáil. déanamh ag an ola chéanna sular tugadh chomh fada leis an teach solais í. Thosaigh an t-aistear i Leitir Ceanainn agus is leoraí de chuid Esso a thug í go Cluain tSaileach in dhá bhairille cruach (steel), 50 galún in achan bhairille. Fágadh na bairillí ag tí Dhonnchaidh Mhicheáil agus bhéarfadh duine acusan na bairillí ar bheathach (horse) agus cairt a fhad le tí Phaidí Bhurns (Mac Giolla Bhríde) ar an Mheall Mhór. Bhí an turas seo le déanamh fá dhó mar cha dtiocfadh leofa ach bairille amháin a chur ar an chairt ag an am, bheadh dhá bhairille róthrom ag an bheathach bhocht. Ansin thiocfadh Paidí Eoghain (Mac Giolla Bhríde) as Gort na Luchóg a fhad le tí Bhurns lena asal agus cléibh agus chuirfeadh sé an

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3