Guth Ghoill, Eagrán 60

Eagrán 60 Samhain 2018 12 Jimmy Dhonnaidh Mhicheáil Dún Dúbhain Míobhuí ola isteach i gcannaí chúig ghalún, chuirfeadh sé na cannaí sna cléibh agus bhéarfadh sé iad, de réir a chéile, amach go dtí’n teach solais. Is Paidí Eoghain a chuirfeadh an ola isteach sa teach solais fosta leis an solas a choinneáil lasta. Tháinig deireadh le seo uilig nuair a tosaíodh ag úsáid cadhnraí (batteries) agus, as sin amach, bhí an teach solais ag obair go huathoibríoch (automatic). Bhí Jimmy den bharúil gur i ndeireadh na 1960aidí nó i dtús na 1970aidí a tharla seo, ach cha raibh sé cinnte fá seo. Luaigh sé fosta gur Johnny Logue as Dún Dúbháin a d’amharc i ndiaidh an tí solais idir Dún Dúbhain agus Fánaid agus gur amach ina churach a rachadh Johnny leis an ola a chur ann. Smaoitigh ar an mhasla a bhain le seo, gan labhairt ar an chontúirt. Tá teach solais eile faoi bhaile fearainn Mhíobhuí agus is Frank Eoghain (Ó Buadhaigh) a d’amharc i ndiaidh an chinn seo. Tá mé cinnte gur s’iomaí scéal a bheadh acu uilig le hinse dúinne ach faoi mar a deir an mana atá ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann, In Salutem Omnium, sábháltacht an uile dhuine an rud a ba thábhachtaí dóibh agus ná ligimis i ndearmad iad. Buíochas mór do Jimmy Dhonnchaidh Mhicheáil arís. - Nóirín Goulding

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3