Guth Ghoill, Eagrán 60
Eagrán 60 Samhain 2018 13 Eanáir 1ú. Lá Nollag Beag nó Lá Caille a tugtar ar an lá seo. Déantar an bhliain úr a cheiliúradh ar an lá seo. Bhíodh gnás in Éirinn nach dtabharfaí rud ar bith ar shiúl ón teach do dhuine ar bith ar an lá seo ar eagla go rachadh ádh an tí leis. Eanáir 6ú. Tugadh Lá Cinn an Dá Lá Dhéag ar an lá seo agus ar an oíche roimhe sin tugadh Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag . Tá sé níos coitianta Nollaig na mBan a thabhairt air anois. Feabhra 1ú. Ba fhéile mhór a bhí anseo i bhféilire na gCeilteach – am chur an tsíl, idir féile mhór na Samhna agus féile mhór na Bealtaine. Imbolg, ba sin an chead lá den earrach, an 1Feabhra. Meastar go raibh baint ag an fhéile seo leis an séasúr a mbíodh uain ag na caoirigh. Síltear gur shíolraigh an focal Imbolg ó oí - melc (ewe - milk), a chiallaíonn – nuair a thagann bainne na caorach. Nuair a tháinig an Chríostaíocht cuireadh cuma na Críostaíochta ar an Phágántacht agus ta Lá Fhéile Bríde againn anois don fhéile phágánach seo. Deirtear gur mhínigh sí an Tríonóid do Rí Teamhair le crois a dhéanamh as feagacha. Déantar crosa as feagacha in Éirinn oíche Fheile Bríde Feabhra 2ú. Lá Fhéil ’ Muire na gCoinneall atá ar an dara lá den mhí. Ba ghnách Lá Fhéil ’ Muire Beag san Earrach a thabhairt ar an lá seo fosta. An Charghas. Tosaíonn an Charghas ar Chéadaoin an Luaithrigh . Ar an Mháirt roimhe sin bhí Dé Máirt na dToirtíní nó Máirt Inide. Seo an lá a ndéantar na pancóga ach sa tseanam ba ghnách leo toirtíní beaga a dhéanamh --- toirtíní Inide.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3