Guth Ghoill, Eagrán 60
Eagrán 60 Samhain 2018 14 Ní phóstaí duine ar bith le linn an Charghais agus ba Dhomhnach na Cogarnaí a bhí ar an Domhnach roimh an Inid mar go mbíodh na seandaoine ag cogarnach faoi cé ba dóiche pósadh. Domhnach na Smut: Seo an chéad Domhnach den Charghas—bhíodh smut orthu sin nach raibh pósta nó gealladh pósta orthu roimh an lá sin. Domhnach na Pailme/ Domhnach na Slat./ Domhnach an Iúir. Seo an Domhnach roimh Dhomhnach Cásca a ndéantaí na craobhacha pailme a bheannú. Céadaoin an Bhraith, ba seo an Chéadaoin dheiridh den Charghas. Déardaoin an Bhraith/Déardaoin na gComaoineach: Seo an Déardaoin roimh an Cháisc. Thugtaí Déardaoin na Gruaige ar an lá seo tráth den tsaol. Is cosúil gur seo an lá a bhí leagtha amach leis an ghruaig a fháil gearrtha, ag na fir go háirithe. Ní ghearrtaí an ghruaig le linn an Charghais. Aoine an Chéasta –seo an lá a cuireadh Críost chun báis. Críochnaíonn an Charghas le Domhnach Cásca. Márta 17ú. Seo ceann de fhéilte móra na tíre seo --- Lá ‘ le Pádraig. Is é Naomh Pádraig pátrún na hÉireann. Lúireach Phádraig ( Paidir Chosanta). Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh, Críost istigh ionam. Críost fúm, Críost os mo chionn, Críost ar mo lámh dheas, Chríost ar mo lámh chle. Críost i mo luí dom, Críost i mo sheasamh dom, Críost i gcroí gach duine ata ag cuim- hneamh orm, Críost i mbéal gach duine a labhraíonn liom, Críost i ngach súil a fhéachann orm, Críost I ngach cluas a éisteann liom
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3