Guth Ghoill, Eagrán 60

Eagrán 60 Samhain 2018 15 Aibreán 1ú --- Seo Lá na nAmadán. Aibreán 1 — 3. Seo Laetha na Riabhóige. Seo tréimhse d ’ aimsir fhuar ag deireadh mí Mhárta nó ag tús mhí an Aibreáin. Bealtaine 1ú . An Bhealtaine Úr agus Sean - Bhealtaine. Is an Bhealtaine Úr a bhíonn againn ar an chéad lá den mhí. Bhíodh Sean - Bhealtaine ar an dara lá déag de Bhealtaine. Bhíodh ceiliúradh na bhféilte págánach seo lán de ghnásanna agus ina measc seo bhí na tinte cnámh. Dhá thine chnámh a bhí i mí na Bealtaine. Ba ghnách le lánúineacha óga léimint fríd an tine seo. Gó fóill deirimid ‘ tá sé idir dhá thine Bhealtaine ’ —seo faoi dhuine a bheadh i gcruachás agus nach mbeadh a fhios aige an dóigh is fearr leis an fhadhb a réiteach. Lá na Croiche a thugtaí in áiteacha ar an 3ú lá de Bhealtaine. Ansin tá Déardaoin Deasgabhála, Déardaoin Corp Chríost, Domhnach Cincíse agus Luan Cincíse. Níor ghnách na caoirigh a lomadh go dtí I ndiaidh na Cincíse agus deirtí nár cheart talamh a threabhadh nó a rómhar Luan Cincíse. (deargadh a dhéanamh ar thalamh). Meitheamh: Seo Mí na Féile Eoin/ Mí Mheán an tSamhraidh. 9ú Lá de Mheitheamh —ba seo Lá Fhéil ’ Cholmcille. I ndeisceart Chonamara bheirtí Lá an Tobair ar an fhéile seo. Meitheamh 21ú: Seo an lá is faide sa bhliain. Meitheamh 24ú: Lá Fhéil ’ Eoin agus Oíche Fhéil ’ Eoin/ Oíche Sin Seáin. Is seanfhéile págánach é seo. Las daoine tinte cnámh mar ómós don ghrian de thairbhe go mbeadh na laethanta ag éirí níos giorra as sin amach. Meitheamh 29ú : Lá Fhéile Peadar is Pól.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3