Guth Ghoill, Eagrán 60

Eagrán 60 Samhain 2018 2 CLÁR Coirnéal Nan 2 John Mharcais Eoghain 5 Teach Solais 11 Féilte na Bliana 13 á mé ag gabháil ar ais go dtí na seascaidí leis an scéal seo. Tráthnóna Dé hAoine amháin landáil George McNutt ar an tsráid lena veain. Ba ghnáth leis a ghabháil thart ag an am sin ó dhoras go doras ag díol earraí ó shi- opa s ’ aige. Agus leoga, bhí sé breá úsáideach mar cha raibh gléas taistil ar bith fán teach ach amháin an rothar dubh. De réir mo chuimhne bhí na rothair uilig dubh ag an am sin. Thiocfadh John a ’ Búistéir thart tráthnóna Dé Sathairn agus cheannódh muid dinnéar an Domhnaigh uaidh. Sin mar a bhí, tháinig athruithe ó shin. Cibé ar bith chuaigh mé amach chuig an veain agus d ’ inis George domh go raibh Paidí Ghráinne ag iarraidh ar Neil a dhul siar chuige le cuidiú leis crúba an asail a ghearradh. D ’ imigh Neil (sin m ’ fhear céile) siar a ’ bealach agus a chuid uirlísí leis agus cha raibh a dhath amach as áit le sin mar is minic a chuideodh sé le Paidí nuair a bheadh jabanna beaga le déanamh. D ’ imigh an tráthnóna agus tháinig an oíche. Caithfidh gur lár an Fhómhair a bhí ann mar thit an dorchadas thart fán seacht agus cha raibh iomrá ar bith ar Neil. Cibé ar bith bhí mé fhéin ag dul chuig an Bhingo i gCarraig Airt agus bhí mé ag iarraidh go mbeadh Neil sa bhaile sula n - imeoinn. Bhí barúil mhaith agam fán am seo fá caidé a bhí ag dul ar aghaidh i dteach Phaidí Ghráinne. Chuir mé orm mo chóta, thug me liom tóirse beag agus chuaigh mé siar. Chuala mé an ceol is mé píosa maith ón teach. Nach cinnte gur Neil a bhí ag ceol, ‘ The Banks of Mulroy Bay ‘ agus Paidí agus fear eile ag teacht isteach anois is arís. D ’ oscail mé an doras go tobann agus stad an ceol agus bhí an triúr ina suí ansin agus an béal foscailte ar achan fhear acu. Bhí siad cosúil le páistí beaga a dtiocfá orthu is a lámha istigh i mbocsa an tsiúcra. Bhí dhá bhuidéal uisce beatha ar an tábla, buidéal amháin acu folamh agus an triúr ag déanamh a ndícheall ar an darna ceann. Char

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3