Guth Ghoill, Eagrán 60
Eagrán 60 Samhain 2018 3 chuntas mé na buidéil Guinness, folamh agus lán a bhí ar an tábla fosta. Bhí craos de thine thíos ag Paddy, tine a rósfadh tarbh. “ Bhail anois, ” a dúirt mé, “ nach sibh atá sonasach sásta. ” “ Seo suigh, ” a Nan, arsa Paidí liom, “ tá ’ n craic maith. ” “ Éist thusa liomsa, a Phaidí ”, arsa mise , “ tá ’ n craic thart. Tá sé thart i dtaca le Neil de cibé. Amharc ar an chut atá air. Ghlacfainn barra rotha a fháil le é a thabhairt na bhaile. ” “ Níl mise ag gabháil ‘ na bhaile, ” arsa Neil, “ níl an craic ach i ndiaidh toiseacht. ” “ Thosaigh an carry - on seo luath sa tráthnóna ” a dúirt mé. “ Inseoidh mé rud amháin duit, a Phaidí, thig leat crúba d ’ asail a bhearradh tú fhéin ó seo amach. ” Donnchadh a bhí ar an tríú fhear agus thosaigh seisean ag gáire. “ Níl asal ar bith ag Paidí, ” a dúirt sé. “ Dhíol sé é mí ó shin. ” “ Ó, ag cuir dallamullóg ormsa a bhí tú, a Phaidí. ” “ Arú a Nan, ” arsa Paidí, is é ag déanamh iarracht seasacht. “ Ná bí mar sin, cad é a bhí ann ach giota craic. Anois, fág thusa Neil ansin, is gheobhaidh muid é na bhaile. ” “ Gheobhaidh, ” arsa mise, “ huh! Níl aon duine den triúr agaibh atá ábalta seasacht i gceart. ” Le scéal fada a dhéanamh gairid, cha raibh me ábalta Neil a fháil amach as an teach agus cha raibh mise chun an bingo a mhisseáil agus mar sin de d ’ imigh mé liom. Nuair a bhí an bingo thart tháinig mé isteach ‘ na tí. Bhí an chistin lán toit agus dhá scadán dóite ar an phanna, agus Neil ina shuí cois tine agus píopa ina bhéal. ‘ A Neil ’, a scairt mé. “ Nach dtug tú fá deara an toit amuigh anseo ’’. “ Ó Lorda ’’, arsa Neil, ‘’ rinne mé dearmad glan ar na scadáin. ” “ Bhail, tá tú rómhall anois, ” a dúirt mé, is chaith mé an panna is na scadáin amach an doras cúil. Bhain mé díom mo chóta agus d ’ oscail mé na fuinneoga uilig. “ Cuideoidh mise leat, ” arsa Neil. “ Suigh thusa ar do thóin, ” a dúirt mé, “ sula níonn tú a dhath níos mó dochair. Cibé ar bith char shíl mé go mbeifeá sa bhaile romham. Níl sé cosúil leat. ” “ Thit mé amach leofa ’’, arsa Neil. Teach Phaidí Ghráinne
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3