Guth Ghoill, Eagrán 60
Eagrán 60 Samhain 2018 4 Thosaigh mé fhéin ag gáire. “ Thit tú amach leo, eh? Na trí amigos agus thit sibh amach. Cad é faoi Dhia a tharla? ” “ Tá dearmad déanta agam, ” arsa Neil, ‘’ sin an tuige ar dódh na scadáin. Bhí mé i mo shuí ansin ag iarraidh cuimhneamh ar cibé cén diabhal rud a tharla. Tá mé dul siar arís anois le réiteach a fháil ar an chás. ” “ Bhail, leoga níl tú ag gabháil áit ar bith, ” a dúirt mé leis. “ Cha mhó ná go bhfuil tú ábalta siúl. Isteach a luí leat. ” “ Cha dtéim, ” arsa Neil, agus shuigh sé agus smut air mar a bheadh tachrán ann. Cha rachadh sé isteach a luí domh ba chuma caide a dúirt mé leis, agus leoga, bhí neart le rá agam tá mé ag insint daoibh, ach cha dearn sé difir ar bith. Mar a deir siad, nuair atá an t - ólachán istigh bíonn an chiall amuigh. “ Maith go leor, ” a dúirt mé. Dhruid mé na fuinneoga uilig agus chuir mé an glas ar an doras cúil agus ar an doras tosaigh agus thug mé na heochracha liom isteach a luí. Bhí mé sásta go leor go raibh achan rud i gceart mar cha raibh ólachán ar bith sa teach agus thit mé i mo chodladh. Níl a fhios agam caidé a mhúscail mé ach luigh mé ansin ag éisteacht. Bhí sé i bhfad róchiúin. “ Caithfidh gur thit sé ina chodladh, ” a dúirt mé liom fhéin, ach cha raibh srannfach ar bith le cluinstin. D ’ éirigh mé agus chuaigh mé a chuartú. Cha raibh sé le feiceáil thuas nó thíos, thall nó abhus. Chuaigh mé isteach ‘ na cistine agus iontas na n - iontais bhí an fhuinneog os cionn an doirtil foscailte. D ’ oscail mé an doras cúil agus chuaigh mé amach le mo thóirse. Bhí mé cinnte go bhfaighinn é ina luí ina chnapán faoin fhuinneog ach cha raibh sé ansin. “ Bhail scrios Dé air ”, a dúirt mé liom fhéin, agus d ’ imigh mé isteach a luí. Níl a fhios agam caidé ’ n t - am a bhí ann ach, am inteacht roimh éirí gréine chuala mé buile ar an fhuinneog agus Neil ag cogarnach amuigh. “ A Nan, ” a dúirt sé, “ hó, a Nan, lig isteach mé. ” “ An bhfuil a fhios agat caidé a thig leat a dhéanamh, a Neil, ” a dúirt mé leis is mé ag cogarnach fosta. “ Caidé? ” arsa Neil. “ Thig leat theacht isteach an dóigh chéanna is a chuaigh tú amach. ” Char chuala mé focal eile uaidh go dtí go dtáinig sé isteach sa tseomra. Luigh sé ar an leaba gan stich a bhaint de fhéin agus thit sé ina chnap codlata. Nuair a d ’ éirigh sé tráthnóna chuir mé ceist air fá caidé ’ n dóigh a fuair sé isteach an fhuinneog? ‘ Sé ’ n rud a dúirt sé liom ná, “ A Nan, a thaisce, shíl mise gur tusa a lig isteach mé? ” Nach ait an mac an saol? Neil Ó Cuilinn
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3