Guth Ghoill, Eagrán 60

Eagrán 60 Samhain 2018 5 Rugadh John Ó Gallchobhair, John Mharcais Eoghan, in Ard na hAitinne i nDoire Chasáin Mhóir ar an dara la de mhí na Bealtaine 1929. Marcus Ó Gallchobhair a athair (Marcus Dhonchaidh Eoghain) agus Maighréad Nic Giolla Bhríde (Maggie ‘ n Choyley) a mháthair. Tá Doire a ’ Chasáin Mhóir roinnte i lear páirteanna – d ’ fhéadfá bailte fearainn beaga a thabhairt ortha – Cnoc an Dúin, Baile Úr, Baile an Mhullaigh, Cnoc na hAitinne, Croith a ’ Toir, Scoilt an tSoithigh (ina bhfuil uaimh Seán Sproule, scéal eile). Ba i gCnoc na hAitinne a tógadh John. An chuimhne is faide siar a bhí aige nó an bhó a cheannaigh a athair ag an aonach agus a stiúg nuair a bhí gamhain aici agus ba chaill mhillteanach sin san am. Tá cuimhne aige ar fhearaibh na gcomharsan ag tarraingt na bó amach as an bhóitheach agus a cur i bpoll sa gharraí. Ta ‘ s aige go fóill cá bhfuil sí curtha agus cuimhne na h - ócáide sin go minic ina intinn. Cuimhne eile a bhí aige ná Edward an Choyley, deartháir dá mháthair, ag teacht as Meiriceá agus gramafón leis—rud iontach san am. Bhí ceirníní de chuid John McCormick agus John McGettigan as Gleann Rí leis, agus fosta ceirníní le band a bhí i Meiriceá— McNulty ’ s Band – agus ba as an Chraoslach cuid daofa sin. Cha raibh gramafón ar bith eile san ait agus achan Domhnach thabharfadh siad an gramafón amach ar an ard agus chluinfí é ar fud an Aird Bháin, Dhoire a ’ Chasáin agus Dhumhaigh. Bhí scaifte ban istigh Tigh an Choyley an chéad lá a thug a mháthair John síos ar cuairt. An chéad uair a chonaic sé a Uncail Edward, bhí sé gléasta go breá agus é ina “ Yankee ” galánta agus bhí lear seanbhan (in intinn John) istigh le é a fheiceáil. Bhí seáltaí orthu uilig agus JOHN: Nuair a bhí sé sa teach altranais i Ráth Mealtain traidhfil blianta ó shin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3