Guth Ghoill, Eagrán 60

Eagrán 60 Samhain 2018 6 iontas an domhain ar dhuine acu caidé mar thiocfadh le fear ar bith fáil isteach sa bhocsa bheag sin le bheith ag ceol. Cé nach raibh John ach ina thachrán bhain seo gáire as. Is dóiche gur thuig sé rud éigin fán “ technology ”. Athair John Marcas Ó Gallchobhair, Marcas Dhonnchaidh Eoghain a bhí ina athair ag John. Tháinig a sheanathair, Eoghan, as Gleann Rí agus phós sé Nansaí Mharcais (Mhic Laifeartaigh) as an Bhaile Úr. Phós Marcas Dhonnchaidh Eoghain Maggie ‘ n Choyley - Nic Giolla Bhríde as an Ard Bhán, iníon do Sheáin Chian agus Biddy ‘ n Choyley. Bhí triúr clainne acu. Máire an duine ba sine agus rugadh í Oíche Shamhna 1924. Marcas an dara duine agus rugadh é ar an séú lá déag de mhí an Mheithimh 1926. Rugadh John an duine ab óige ar an dara lá de mhí na Bealtaine 1929. Bhí athair John, Marcas Dhonnchaidh Eoghain i Middlesborough Shasana nuair a fuair sé polio. Chaith sé tréimhse san ospidéal agus nuair a bhí sé ar a chosa arís tháinig sé ‘ na bhaile. Bhí a dhroim i gcónaí nimhneach. Ach ansin fuair sé ailse agus fuair se bás ar an 28ú Meán Fómhair 1942 nuair nach raibh Eoghan ach trí bliana déag. Ar Scoil An t - iontas is mó a bhí air ar a chéad lá ar scoil ná an buachaill beag a raibh ceann galánta catach (curly - haired) air. Deir sé go raibh se ag amharc le hiontas ar na curls ar feadh an lae. Lawrence Carrigan ab ainm dó agus bhí a athair ina fhear barra i dtigh Diamond. Bhí beirt dheartháir aige, Kevin & Gerard. Cá bhfuil siad anois? Miss McGill – Rose, a bhí ina múinteoir san am. As deisceart an chontae a tháinig sise. Tá cuimhne mhaith aige a bheith ag foghlaim an Teagasc Críostaí, agus tá sé ábalta na Tá John ina sheasamh ar chúl le gloinne ina lámh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3