Guth Ghoill, Eagrán 60
Eagrán 60 Samhain 2018 7 ceisteanna a fhreagairt go fóill. Trí mhúinteoir a bhí i Scoil Dhoire a ’ Chasáin san am (1935/36) Máistir Boyle ina phríomhoide agus Miss Kelly as an Ghleann. Fuair Máistir Boyle bás óg – bhí Jack Mhicí Mháire, Jack Mac Pháidín, ina phríomhoide nuair a bhí John ins na h - ard ranganna. An Chéad Chomaoineach Lá mór é seo i saol linbh agus bhí John ina shuí luath, nite agus cóirithe ag a mháthair. Bhí culaith úr air agus carbhat nár chaith sé ariamh cheana. I gCarraig Airt a bhí an chéad chomaoineach agus bhí máthair John gnóthach a dhéanamh réidh. I rith an ama bhí sí ag amharc síos ar theach Simon, ag feitheamh ar leoraí Kiely a bhí a dtabhairt suas ó theach Mhící Aindí. Ach faraor, ar deireadh chonaic sí an leoraí ach é ar a ’ bhealach suas go Carraig Airt. Cha raibh ‘ dhath le déanamh ach siúl. D ’ imigh an bheirt acu, Maggie ag rith agus greim láimhe aice ar John. Bhí sí ag rith agus dúirt John nach raibh a chosa ar an bhealach leath an ama ach é ‘ airborne ’. Cha raibh tar ar bith ar an bhealach san am. Ag an Mhachaire Bhig casadh Katie Mhuiris Eoghan Chonchubhair agus a mac Eddie orthu, iad ar an ghnó chéanna, ach bhí an t - ádh orthu. Bhí carr ag Jimmy Anton Rua Mac Eiteagáin agus d ’ fhág Jimmy thuas i dTeach an Phobail iad. Seo an chéad uair a bhí John i gcarr. Am inteacht ina dhiaidh sin fuair John asthma agus bhí sé breoite leis ar feadh lear blianta. Shíl sé fhéin gur an siúl chuig an chéad chomaoineach ba chúis leis. Blianta ina dhiaidh sin nuair a chuaigh se go hAlbain d ’ fhág an aicíd é agus cha raibh buaireamh aige léi ó shin. An Teach i nDoire a'Chasáin.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3