Guth Ghoill, Eagrán 60
Eagrán 60 Samhain 2018 8 Ach faraor chaill sé lear ama ón scoil de bharr an asthma. Bhí lúcháir air nuair a shroich sé na ceithre bliana déag – agus d ’ fhág sé an scoil – cúpla mí roimh dheireadh an chogaidh. Bríd Bhí aintín ag John, Annie ‘ n Choyley - deirfiúr a mháthar. Bhí sí pósta ar Mhicí Mhícheáil (Mac Pháidín) as Dumhaigh. Bhí triúr clainne aici, John, Bríd agus Máire. Fuair Annie bás nuair a rugadh Máire. Tógadh John agus Maire ag muintir Mhícheáil i nDumhaigh agus thóg Maggie, máthair John, Bríd I gCnoc na hAitinne. Ta cuimhne ag John ar Mhicí Mhícheáil ag teacht le Bríd agus a fágáil. Cailín álainn gealgháireach múinte, a thug a lán áthais agus sonas léithe. Chuaigh sí ‘ na scoile i nDoire a ’ Chasáin agus ina dhiaidh sin chuaigh sí go Meiriceá. Phós sí ansin ach cha raibh clann ar bith aici. Fuair Bríd bás óg i Meiriceá agus tá sí curtha ansin. Go ndéana Dia a mhaith uirthi. An Cogadh Cha raibh John ach ocht mbliana nuair a bhris an cogadh amach. Ba chuimhin leis na daoine fásta a bheith de shíor ag caint faoi dtaobh de agus daoine ag léamh na nuachtán. Ansin tá cuimhne mhaith aige ar an lá a fógraíodh go raibh an cogadh thart. Is cuimhin leis eitleán ag teacht ón oirthear – trasna na Muirleoige agus ag eitilt amach thar Thoraigh agus iad a choimhéad. Bhí a athair agus a uncail Eoghan ag cuir strapaí ar shopóga nuair a chuala siad an scéal. Níl cuimhne aige caidé mar a spréidh an nuacht ach chuala siad an nuacht a chur áthas ar a gcroí agus d ’ fhág siad na sopóga agus chuaigh siad isteach ‘ un tigh. Rinneadh tae, chaith siad tobac agus chuaigh siad ó theach go teach, ó chuibhreann go cuibhreann agus na focla céanna ar bhéal achan duine: “ Tá an cogadh thart ”. Ag Gabhail go hAlban Chuaigh John go hAlban don chéad uair lena Uncail Eoghan ar an 31ú lá de mhí Iúil sa bhliain 1948. D ’ fhág siad na Dúnaibh ar bhus a thug go Doire iad. Bhí Johnny Birney ag tiomáint agus Jim Carr ag díol na dticéad. Ansin d ’ imigh siad ar ‘ Bhád Dhoire ’ go Glasgow. Bhí an bád lán de dhaoine a bhí ag dul go hAlban le dhul a ’ obair ag na feirmeoirí. Bhí craic agus callán agus ólachán ar an bhád agus bhí an - iontas air mar nach raibh sé i mbád den tsórt seo ariamh roimhe. Bhí an dá thaobh de Loch na Feabhaile clúdaithe le cabhlach na Breataine agus cabhlach Mheiriceá, rinne Bád Dhoire cúirtéis leo uilig. (salute) Le linn na hoíche a sheol siad agus ar maidin sheol siad suas fríd chuan fhada an Clyde go dtí an Brimalaw. Bhí na trí riachtanas thábhachtacha uilig leo, siad sin -- pass, cárta aitheantais agus an leabhar ration. Ghlac siad bus go Dún Éideann – leathchoróin (2/6) a bhí an ticéad. Fuair siad bus ó sin go Brox- burn, ait a bhfuair siad lóistín an oíche sin, teach mór ina raibh na seomraí roinnte suas i gcubicles agus chosain achan chubicle 1/=. Lá arna mhárach thug siad aghaidh ar Ayrshire. Bhí cleachtadh agus fios ag a uncail ar an dóigh ab fhearr le hobair mhaith a fháil. Fuair siad obair sa
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3