Guth Ghoill, Eagrán 60
Eagrán 60 Samhain 2018 9 deireadh ar fheirm i Renfrewshire ag feirmeoir a raibh Alex Campbell air, fear a raibh sean aithne ag Eoghan air. D ’ oibrigh siad ar dhá fheirm -- ‘ Upla Moore Farm ’ agus ‘ Old Barn Farm ’. Fuair Eoghan £4 sa tseachtain. Ach chan fhuair John ach £ 2’10. Chaith siad trí mhí ansin agus i ndiaidh drochshéasúr fómhair fuair siad obair ag feirmeoir uasal a thug £4 sa tseachtain don bheirt acu. Rinneadh teagmháil le deartháir John, sé sin Marcas, a bhí ag obair ag feirmeoir eile. D ’ fhan siad i mBothy go dtí ‘ n Nollaig nuair a tháinig siad ‘ na bhaile. An Chéad Teacht Abhaile Nollaig na bliana sin phill siad ar an bhaile. Fuair siad bus go Glasgow agus ansin Bád Dhoire. Bhí lúcháir an domhain orthu a bheith ar ais ar thalamh na hÉireann. Cibé caidé tharla char éirigh leofa bus na nDúnaibh as Doire a fháil agus b ’ éigean dófa tacsaí a fháil. Fuair siad an tacsaí go Carraig Airt, go teach Phaidí Den Bán agus d ’ fhág Danny Phaidí Den Bán sa bhaile iad. Bhí áthas ar Mhaggie agus cuireadh fearadh na fáilte rompu ach bhí dhá oiread lúcháir ar John, ar Mharcas agus ar Eoghan a bheith sa bhaile ag Maggie, Máire agus Bríd fá choinne na Nollag. Bhí Nollaig mhaith acu uilig an bhliain sin ach d ’ imigh siad ar ais go hAlbain an bhliain dar gcionn – 1949. Ag tanú tornapaí a bhí siad an iarraidh seo. Conradh a bhí acu agus chuaigh siad ó fheirm go feirm. Chaith siad an téarma deireanach ag tanú i gcuibhreann mór leathbealaigh idir Dún Éideann agus Glaschú. Bhí an cuibhreann díolta leis an rialtas fa choinne aerfort – Turnhouse Airport – Aerfort Dhún Éideann anois. Chaith siad roinnt ama fá Falkirk agus Linlithgow. Chuaigh John ar cuairt chuig Joe Ned Thuathail i mBroxburn. Bhí Joe ag gabháil suas go Pittloughrey agus chuaigh John leis. Pittloughrey, Clooney. Nuair a shroich siad Pittloughrey bhí obair chreathnach ag gabháil ar aghaidh. Bhí George Wimpy ag tógáil ‘ hydro - dam ’ agus bhí tollán a dhéanamh acu fríd chnoc. Bhí thart fá 300 fear ag obair ann agus bhí lear de mhuintir an Íochtair ann agus £10.10.0 sa tseachtain acu. An chéad oíche a chaith siad i bPittloughrey fuair siad lóistín i gClooney (míle amach as Pittloughrey). Bhí Charlie Phaidí Mhánais ann agus é ag gabháil ar obair oíche (night shift). Thug sé a leaba do John. Bhí lear de bhunadh an ÍochtaIr ansin mar a bhí Paidí Steven, Andy Bhoydie, Tuathal beag, Francie John Mhicí. Dúirt Francie le John a ghabháil ar lorg oibre ar an suíomh. Bhí beirt, athair agus mac as an Chraoslach, mar chinn urraidh ar an obair. Fir de bhunadh Mhic Giolla Bhríde, seanJimmy agus Jimmy Óg – saoiste (foreman) agus saoiste ginearálta. Thug Jimmy Óg ‘ start ’ do John. Chaith se cúpla bliain ag obair do Wimpy agus, gan amhras, tá stampa chuid fear an Íochtair marcáilte go maith ar Pittloughrey. Rinneadh dambaí móra agus cuireadh suas turbines chun aibhléis a dhéanamh agus cuireadh isteach píopaí ollmhóra ó cheann go ceann na hAlban.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3