Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 10 acu fosta. Bhí Mick Kiely as Carraig Airt ag dul thart le vaein siopa agus d ’ úsáidfí uibheacha na gcearc le díol as mála plúr. Dhíolfaí na turcaithe ag an Nollaig. Cha raibh anás ar bith bidh fa Dhumhaigh. Bhí bairille mór de scadáin shaillte i gcónaí ag muintir Aindí Hughie agus iad a ndíol sa tsiopa. Rinneadh cuid mhór iascaireachta sna curacha agus cha raibh teach fan áit nach mbíodh sreangán trasna faoin mhaide mullaigh agus éisc tirim crochta uaidh. Iascaireacht. Bhíodh a athair ag iascaireacht gliomach, corruair le Charlie Mór (Charlie John Fhear- ghail) agus corruair eile le Mánaigh Mhícheáil (Mac Pháidín). Ba ghnách leo cléibh ghliomaigh a dhéanamh le linn an Gheimhridh nuair nach mbíodh mórán eile le déanamh. Bhí airgead le déanamh ar na gliomaigh mar go raibh siad breá fairsing ag an am. Ba ghnách leo na glio- maigh a dhíol le Hughie Óg (Mac Giolla Bhríde). Bhí lá amháin a raibh Charlie Mór ar shiúl agus d ’ imigh Donchadh é fhéin amach le cléibh ghliomaigh a thógáil. Bhí sé amuigh fá Charra ’ Dhubh agus cibé dóigh ar sheas sé suas sa churach chuir sé a shál frighe agus thosaigh an t - uisce a theacht isteach. Bhain Donchadh de a bhairéad agus dhing é isteach sa pholl. Choinnigh a bhairéad amuigh an t - uisce agus choinnigh sé Donchadh slán sábháilte gur rith sé a churach isteach ar an chladach. Skiff Inis Bó Finne. D ’ imigh Donchadh Jimmí, Charlie Mór, Paidí Eoin (Mac Giolla Chearra) agus Aindí Hughie (Ó Gallchóir), amach go Inis Bó Finne sa bhliain 1946 le skiff a cheannacht. Ba seo bádaí seoil a bhí tuairim is ocht dtroigh is fiche ar fhad agus bhí rámhaí leo fosta. Bhí tráthnóna cruaidh ann agus iad ag fágáil Inis Bó Finne agus chomhairligh bunadh an oileáin dóbhtha fanacht go maidin. Rinneadh ne- amhaird den chomhairle agus thug siad aghaidh ar an fharraige mhór ach d ’ éirigh an tráthnóna níos gairbhe agus shocraigh siad a dhul ar an fhoscadh áit éigin ar chúl an Chorráin. Chuaigh siad isteach fán tír agus isteach leofa sa chéad teach a casadh orthu. Rinne siad a gcás a mhíniú do bhean a ’ tí agus d ’ fhiafraigh sí dóbhtha ar mhaith leo greim le hithe. Ba seo i ndiaidh an Ag obair le féar: Donchadh Jimmí ar an chruach agus a dheartháir Muiris ag bun.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3