Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 11 chogaidh agus cha raibh rudaí chomh fairsing sin ag an am. Dúirt sí leofa go gcuirfeadh sí síos cúpla ubh dóbhtha agus is cosúil gur fhiafraigh sí d ’ achan fhear acu cé mhéid ubh a bhí a dhíobháil orthu. Is dócha nach raibh na fir ag iarraidh a bheith ag cur isteach barraíocht ar an bhean bhocht agus dúirt achan fhear go mbeadh ubh amháin aige ach nuair a cuireadh ceist ar Phaidí Eoin d ’ iarr sé uirthí sé ubh a bhruith dó. Nach aige a bhí an goile!! I ndiaidh do Phaidí Eoin imeacht go hAlbain agus do Aindí Hughie imeacht go Meiriceá díoladh an skiff arís. An Chlann. Cha raibh Donchadh Jimmí ach dhá bhliain os cionn na trí fichid nuair a fuair sé bás sa bhliain 1957. D ’ imigh a iníon, Máire, go Meiriceá an bhliain ina dhiaidh sin. Bhí cónaí uirthi i gceantar a bhí tuairim is deich míle taobh amuigh de Philadelphia agus chaith sí chóir a bheith fiche bliain ansin cé gur ghnách léíthe corr ruaig a thabhairt anall na bhaile. Sa bhliain 1977 tháinig sí le fanacht agus le cónaí a dhéanamh sa teach i nDumhaigh inár rugadh í. Fuair Máire bás sa bhliain 2001. Sa bhliain 1959 d ’ imigh Bidí Neidí agus a mac Edward go Meiriceá fosta. Chaith Bidí tréimhse i Meiriceá sular pósadh í, rud a d ’ fhág go raibh aithne mhaith aici ar an tír agus dár ndóigh bhí cuid dá cuid deirfiúracha thall fosta. Ba seo chéad turas Edward go Meiriceá, bhí sé naoi mbliana déag. Ba ghnách le Bidí Neidí a theacht ‘ na bhaile ar cuairt anois agus arís agus sa bhliain ’67 nuair a tháinig sí anall d ’ fhan sí sa bhaile. Chaith Edward a shaol i Meiriceá agus thaitin an tír go mór leis. Ba ghnách leis ruaig a thabhairt ‘ na bhaile in amanna agus nuair a d ’ éirigh sé as a chuid oibre ba ghnách leis a theacht anall ‘ na bhaile achan Samhradh agus chaithfeadh sé mí fán bhaile. Ach ar an drochuair fuair sé leukaemia agus fuair sé bás sa bhliain 2013. Jimmí ar an Scoil. Ba Jimmí an duine ba sine den chlann agus tá a intleacht ghéar agus a chuim- hní soiléir ar laethanta a óige agus an Teach Mhuintír Dhonchaid Jimmí i nDubhaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3