Guth Ghoill, Eagrán 61
Eagrán 61 Nollaig 2018 12 saol a bhí aige ag éirí aníos i nDumhaigh. Tá cuimhne mhaith ag Jimmí ar an mhuintir uilig a chuaigh na scoile as Dumhaigh agus as an Ard Bhán lena linn fhéin. Bhí muintir Hughie Mhánais – Hughie, Paidí, Sophie agus Bidí; Bidí Hugh- ie Den agus colceathair léi a bhí ag stopadh leo as Albain, Aeneas Mc Auley; Micí Dowdie; Pádraig Mhuintir Enda; John agus Paidí Tarry; Jimmí agus Nellie John Phaidí; Clann Uí Chanainn – John, Charlie agus Joe; Dympna agus Finola Hudaí; Muintir Nochaí Bhrianaí Chonchúir; Chéarlaí Duffy; Freddie Sweeney (duine de bhunadh John Fhearghail as Baile na nGallóglach) agus Dinis agus Gráinne Tarry. Ina rang fhéin ar an scoil bhí Chéarlaí Den Antoin (Ó Gallchóir), Fenny A ’ Canainn, Josephine Nóra Bhoy (Ní Ghallchóir), Nóra Nead (Ní Bhuaidhe) agus é fhéin. Ba Miss Mc Gill an chéad mhúinteoir a bhí aige ar an scoil agus nach í a bhí breá géar leis an bhata, go háirithe ag am Teagasc Críostaí! Nuair a bhí sé i rang 7 thosaigh sé ag ullmhú don ‘ exam ’, ba seo scrúdú scoláireachta dara leibhéal agus d ’ éirigh leis scoláireacht a fháil go Coláiste Éinde i nGaillimh. Fu- air beirt eile an scoláireacht ina chuideachta – John Faoin Bhinn ( Mac Giolla Bhríde) agus Josephine Nóra Bhoy (Ní Ghallchóir). Fuair Ruaidhrí Sophie Logue ( Ó Gallchóir) scoláireacht an bhliain roimhe sin agus bhí Micheál ‘ Ac Aodha bli- ain roimhe fosta. Cé gur chaith Jimmí páirt mhaith dá shaol sa seomra ranga cha dtiocfadh leis a rá go raibh dúil mhór aige sa scoil mar scoláire ach bhí dúil mhór aige sa pheil agus d ’ imríodh siad peil i gcónaí ag am lóin. Bhíodh Jack ( Mac Pháidín) amuigh ag am lóin i gcónaí á n - eagrú. Ba ghnách leo cluichí a imirt in éadan Scoil Char- raig Airt corruair, ba Jack a dhéanfadh na cluichí seo a eagrú fosta agus ba ghnách iad a imirt thuas ar an léana sin os comhair tigh Aindí Phádraig ( Mac Pháidín). Shiúlfadh siad suas go Carraig Airt i ndiaidh am scoile agus i gcás Jimmí bhí air siúl as Dumhaigh, seo i ndiaidh dó siúl ‘ na bhaile ón scoil. A Dhia! Coláite Éinde
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3