Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 13 Nach páistí an lae inniu atá millte i gceart. Ba chuimhin leis a bheith mall tráth- nóna amháin agus bhí an mhuintir eile imithe as na Dúnaibh, rith sé rith a ’ bhealaigh go Carraig Airt. Cuireadh isteach ar an pháirc é agus Carraig Airt ‘ un tosaigh agus cha raibh sé i bhfad ar an pháirc go raibh cúpla cúl faighte aige, agus chur seo deireadh le cuid iarrachtaí Charraig Airt. D ’ eagraigh Jack iománaíocht sa scoil fosta agus ba ghnách leo í a imirt sna Dúnaibh. Mhair an iomanaíocht ar feadh bliain nó dhó. Mhair a ghrá don pheil ar feadh a shaoil, agus d ’ imir sé peil sna Dúnaibh agus i gCo an Chábháin go dtí gur bheir an aois air. An Turas go Gaillimh 1948. Mar a luaigh muid fuair Jimmí scoláireacht go Coláiste Éinde i nGaillimh. Bhí an turas go Gaillimh sna daicheadaí thar a bheith casta agus cha raibh an córas iompair poiblí mar atá sé inniu. D ’ fhág sé fhéin agus John ( Faoin Bhinn) na Dúnaibh ar an chéad bhus mí Mheán an Fhómhair 1948; bhí a máithreacha leo, Bidí Neidí agus Sissie Faoin Bhinn, le iad a thionlacan chomh fada le Bealach Féich. Dar ndóigh b ’ éigean dóibh athrú ag Leitir Ceanainn agus bus eile a fháil go Bealach Féich. Bhí Neil Bhídí Rua ar an bhus fosta, bhí sé ag dul síos go Gaillimh le dhul a iascaireacht. I ndiaidh dóbhtha slán a fhágáíl ag a máithreacha i mBealach Féich fuair siad bus eile ansin a thug iad go Sligeach. Bhí orthu an oíche a chaitheamh i Sligeach agus an traein a fháil maidin lá arna mhárach a bhéarfadh iad go Gaillimh. Fuair siad lóistín i Sligeach sa North West- ern Hotel, cha raibh Jimmí cinnte cé mhéad ‘ réalt ’ a bhí ag an Óstán seo ach fu- air siad oíche mhaith chodlata agus bricfeasta maith ar maidin. Thug siad aghaidh ar Ghaillimh maidin lá arna mhárach ar an traein. An Saol i gColáiste Éinde. Ba é an chéad deacracht a bhí ag mic léinn I gColáiste Éinde i dtús báire ná go raibh orthu a dhul i dtaithí ar chanúintí eile agus ghlac seo tréimhse ama. Ach tráthnóna amháín sa seomra bidh go luath ina shaol meánscoile d ’ fhoghlaim Jimmí ceacht faoi chanúintí a d ’ fhág é ar a airdeall as sin ar aghaidh. Caithfear cuimhne gur seo am i ndiaidh an chogaidh a raibh rudaí i gcónaí gann agus ran- nta go cúramach agus bhí seo fíor faoin arán i gColáiste Éinde ag an am a bhfuil muid ag trácht air. Ba ghnách leo píosa d ’ arán cearnóige a fháil lena gcuid té agus ball ime. Ghearrfadh achan ghasúr slios dá phíosa cearnóige aráin de réir mar a bhí sé a dhíth air. Bhí stócach beag as Conamara trasna an tábla uaidh Jimmí le linn am bidh. Bhí píosa measartha den arán fágtha ag Jimmí tráthnóna amháin agus chuir mo dhuine ceist air: ‘ Bhfuil sin ag teastáil uaitse ’ (‘ Bhfuil sin a dhíth ortsa ’ a déarfaí thart anseo). Char chuala Jimmí an focal ‘ ag teastáil ’ ari-

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3