Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 14 amh agus chroith sé a cheann leis an ghasúr eile le tabhairt le fios dó nár thuig sé cad é bhí sé a ’ rá. Nuair a chonaic gasúr Chonamara Jimmí ag croitheadh a cheann go diúltach ghlac sé leis nach raibh an t - arán a dhíth air agus bhí an t - arán sciobtha leis amach de phláta Jimmí I bhfaiteadh na súl. Bhí sé thíos ina chraos aige sula bhfuair Jimmí deis a mhalairt a chur ina luí air. Char tharla sin aríst! Cha raibh an biadh maith na blianta a raibh sé ansin agus nuair a thi- ocfadh sé cóngarach don Samhradh bhíodh na prátaí lán péisteog! Mar bharr ar an donas ba ghnách leo gloine mór ‘ Ebsom Salts ’ a fháil uair sa mhí ag am bricfeasta agus ba ghnách le sagart a dhul thart lena chinntiú go n - ólfadh achan fhear a ghloinne. Ba é an tAth Pádraig Ó Laoi, fear a raibh an leasainm ‘ Gobby ’ air a bhí ar dualgas bunús an ama, fear a mbeadh scéal an lae le feiceáil ina ghnúis agus strapa leathair ina phóca nach bhfuair mórán de scíste. Chuir Jimmí isteach a chuid blianta I gColáiste Éinde comh maith agus thi- ocfadh leis agus is cinnte go raibh an pheil ina chuidiú mór aige agus chan am- háin gur imir sé peil don choláiste ach d ’ imir sé iománaíocht chomh maith. Rinne sé an tArd Teist sa bhliain 1952 agus ó Choláiste Éinde thug sé aghaidh ar Choláiste Phádraig i mBaile Átha Cliath. Ina Mhúinteoir. I ndiaidh dó dhá bhliain a chaitheamh i gColáiste Phádraig áit ar cuireadh oil- iúint air don mhúinteoireacht cháiligh Jimmí mar mhúinteoir sa bhliain 1954. Ach le linn na mblianta sin thiocfadh leat a bheith ag fanacht fada go leor sula bhfaighfeá post i scoil. Bhí Jimmí sa bhaile do shaoire an tSamhraidh ach bhí deacrachtaí aige post a fháil agus de thairbhe sin de shocraigh Jimmí a dhul ag obair leis an Bhord Soláthar Leictreachais ( ESB). Ba seo na blianta a rabhthar ag cur isteach an leictreachas ar fud na tíre. Bhí na hoibrithe a bhí leis an ESB ag an am sin rannta ina thrí fhoireann oibre– fir ag baint na bpoll, fir a chur suas na pollaí agus iadsan a bhí ag obair ar na línte. Fuair Jimmí post ar na línte agus bhí sé ag baint sásamh ar dóigh as go dtí an mhaidin Shathairn sin agus é ag obair in Achadh dá Chor a deachaigh a dheartháir Ed- ward siar aige le litir. ‘ Sé an scéala a bhí sa litir ná go Baile Shéamuis Dhuibh An Mhuinchille

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3