Guth Ghoill, Eagrán 61
Eagrán 61 Nollaig 2018 15 raibh post faighte aige i Scoil Bhaile Shéamais Dhuibh ( Ballyjamesduff) i gCo. An Chábháin agus go gcaithfeadh sé a bheith ansin maidin Dé Luain. Cha raibh am ar bith le cur amogha. Dár ndóigh ba seo baile a raibh cáil air de thairbhe an amhráin a scríobh Percy French – ‘ Come Back Paddy Reilly …’ Baile Shéamuis Dhuibh/An Mhuinchille. Fuair Jimmí an bus go Leitir Ceanainn agus tram as sin go dtí an tSraith Bháin. Bhí an tram macasamhail bus ach thaisteal sé ar na ráillí, carráiste amháin a bhí ann. Fuair sé traein ansin ón tSrath Bán go Port a ’ Dúnáin. B ’ éigean dó athrú arís ansin agus traein eile a fháil a thug é go baile an Chábháin. Bhí sé mall go maith sa tráthnóna nuair a fuair sé isteach go dtí an Chábhán agus bhí an mhíle dhéag aige le cur de go fóill go Baile Shéamuis Dhuibh. Cha raibh aithne aige ar dhuine ar bith ach fuair sé fear le é a thiomáint go ceann scríbe. Fuair sé amach ansin cá raibh cónaí ar phríomhoide na scoile agus chuaigh sé fhad lena theach ach cha raibh sé istigh. Bhí a dheirfiúr ansin agus thug sise Jimmí go teach lóistín. Bhí Jimmí tuirseach traochta nuair a leag sé a cheann le dhul a chodladh don chéad uair i mBaile Shéamuis Dhuibh i gCo an Chabháin. Ba seo an 4ú lá de Dheireadh Fómhair 1954 agus is dócha gur bheag a shíl Jimmí an oíche sin gur ansin i gCo an Chábháin a chaithfeadh sé an chuid eile dá shaol. Scoil dhá oide a bhí ar an bhaile agus bhí ranganna dó, trí agus ceathair ag Jimmí. Fear maith a bhí sa phríomhoide cé gur ghnách leis a dhul ar chor ‘ bhinge ’ in amanna ach char lig sé de seo cur isteach ar a chuid dualgas mar mhúinteoir ná mar phríomhoide. D ’ fhan Jimmí sa scoil seo ar feadh seacht mbliana agus ocht mí agus ansin d ’ aistrigh sé go dtí an Mhuinchille (Cootehill) ar an séú lá de mhí Iúil 1962. Chaith Jimmí trí bliana agus daichead ar fad ag teagasc agus chaith sé cúig bli- ana déag agus fiche acu seo ar an Mhuinchille. Jimmí agus an Pheil. Bhí Jimmí ag tarraingt ar ocht mbliana déag agus fiche nuair a tharraing sé air a gheansaí peile don uair dheireanach. Níl amhras ar bith ná go raibh a chroí sa pheil mar cé nach raibh sé ach thart fá chúig bliana déag nuair a bhain na Dúnaibh Craobh Shóisir na Contae sa bhliain 1948 bhí an fhoireann a chuaigh ‘ na páirce an lá sin ar bharr a theanga aige. Dar ndóigh bhí sé fhéin ar Baile Shéamuis Dhuibh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3