Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 16 fhoireann na nDúnaibh a chuaigh go dtí an cluiche ceannais i 1955 ach thug Erin ’ s Hope as Bealach Féich greadadh ceart dóibh. Craobh Shóisir na Contae 1957. Ach bhí a mhalairt de scéal ann dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhain na Dúnaibh Craobh Shóisir na Contae don dara uair, fuair siad lámh an uachtair ar Lámh Dearg as Leitir Ceanainn. Bhí Pól Blaney mar chúlbáire, Mick Galligan, Peadar Ó Sibhleáin (P.Stephen) agus Anton Mhicí ( Mac Giolla Bhríde) sa líne lán chúl, Jimmí Dhonchaidh Jimmí, Joe Quinn agus Charlie Kelly as Fánaid sa líne leathchúl, Liam Ó Ceallaigh agus Kevin Blaney i lár páirce, bhí Dónal Cul- len, Georgie Doherty agus Anton Beag (Mac Eiteagáin) sa líne leath - thosach Tommy Cullen, John Faoin Bhinn ( Mac Giolla Bhríde) agus Mícheál ‘ c Aodha sa líne lán thosach. D ’ imir Jimmí sa líne leath - thosach sa chluiche leathcheannas in éadan Naomh Naille ach athraíodh ar ais é go dtí an líne leathchúl don chluiche ceannais, ba sna línte cosanta a bhí a rogha. Bhí an mháistreacht ag na Dúnaibh ag tús an chluiche seo agus iad ar shiúl ‘ un tosaigh ach gan choinne agus in achar ghoirid bhí coirnéal na heangaigh buailte ag Lámh Dearg dhá uair; is cinnte gur chaith seo an ghaoth as cuid seolta na nDúnaibh ar feadh tréim- hse. Ach ansin rinne siad athruithe a bhain an cluiche dóbhtha. Chuir siad Ber- nie Frank (Mac Laifeartaigh) isteach mar chúlbáire agus chuir siad Pól Blaney isteach mar lánthosach agus ba é a fuair an dá chúl a chinntigh go raibh an lá leis na Dúnaibh. Ag Imirt Peile I gCo. An Chabháin, D ’ imir Jimmí mar thosach d ’ fhoireann Bhaile Shéamuis Dhuibh le linn dó a bheith ag teagasc ansin. Cuireadh scéala chuige tráthnóna Sathairn amháin le linn dó a bheith sa bhaile do shaoire an tSamhraidh ag iarraidh air a bheith i mBaile Shéamuis Dhuibh an tráthnóna Domhnaigh sin. Rinne sé a bhealach go Cluain Eois an Domhnach sin áit a raibh cluiche ceannais Uladh ar siúl idir Tír Eoghain agus Doire. Fuair sé síob le réiteoir an chluiche sin amach go Baile Shéamais Dhuibh don chluiche a bhí le himirt aige an tráthnóna sin. Cluiche Sinsir i gcraobh an Chabháin a bhí ann agus chríochnaigh an cluiche ar chomhscór. Ba seo an bhliain 1957 agus ba seo craobh shinsir an Chabháin. Traidhfil míonna ina dhiaidh sin bhí Jimmí ag imirt mar leathchúlaí d ’ fhoireann na nDúnaibh a bhain Craobh Shóisir na Contae. Sin an dóigh a bhí an saol peile san am sin, bhí sé coitianta go leor a bheith ag imirt do chúpla foireann má bhí tú ar shiúl as baile. Chaith Jimmí bliantaí fada ag imirt d ’ fhoireann sinsir Mhuinchille fosta.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3