Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 17 Corn Mhic a’ Bháird. Cuireadh Corn Mhic a ’ Bháird ar bun anseo i dTuaisceart na Contae ag tús na gcaogaidí, seo in omós do Chaoimhín Mac a ’ Bháird a bhí ar fhoireann na nDúnaibh in ’48 ach a fuair bás go tobann i 1951. Sa bhliain 1956 bhí na Dúnaibh agus Cloich Cheann Fhaola sa chluiche ceannais agus imríodh an cluiche ceannais sna Dúnaibh, ar pháirc Willie. Domhnach salach ceobháisteach a bhí ann ach bhí an bhuaidh ag na Dúnaibh. Tháinig Jimmí anuas as Baile Shéamuis Dhuibh don chluiche seo fosta. I ndiaidh an chluiche bhí Jimmí le bheith fágtha ar ais sa Chabhán sa dóigh go mbeadh sé in am don scoil maidin lá arna mhárach. An turas as na Dúnaibh go Baile Shéamais Dhuibh. Socraíodh go bhfágfadh James Aindí (Ó Gallchóir) é ar ais agus chuaigh John Mhícheáíl (Mac Pháidín) agus Corny Mhuiris (Mac Giolla Bhríde) leofa. Bhí sé mall go leor sa tráthnóna nuair a d ’ fhág siad na Dúnaibh, i dtrátha an hocht a chlog, agus chaithfeadh do charr a bheith bondáilte san am sin dá mbeifeá ag iarraidh taisteal fríd an Tuaisceart. Cha raibh carr James bondáilte, rud a chial- laigh go raibh orthu neart mílte de chor bealaigh a chur orthu fhéin fríd Dheis- ceart na Contae agus isteach fríd Cho. Liatroma. Nuair a bhí siad ag dul fríd an Bhearnas Mhór bhí sé ag teacht cóngarach d ’ am druid agus shocraigh James go stopfadh siad fá choinne leathcheann. San am sin cha raibh duine ar bith de na stócaigh óga ag ól agus i ndiaidh cúpla deoch Foireann na nDúnaibh ‘57., Jimmí sa líne tosaigh, an dara duine ó chlé

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3