Guth Ghoill, Eagrán 61
Eagrán 61 Nollaig 2018 18 thug siad aghaidh ar an bhealach arís. Bhí orthu a dhul fríd Bhun Dobhráin agus isteach ansin go Cionn Locha i gCo. Liatroma. Ba mhór agus ba chasta an turas a bhí ann sna blianta sin go háirithe sa dorchadas i ndúlaíocht an Gheim- hridh. Má amharcann tú ar an léarscáil tchífidh tú chomh casta agus a bhí an turas seo agus cha raibh mótarbhealach ar bith sna blianta sin!! Bhí traenacha ag reáchtáil fud fad na tire fán am sin fosta agus ba ghnách le ráillí a bheith ag dul trasna an bhealaigh mhóir ina lán áiteacha agus ag cuid mhór de na háiteacha seo cha raibh geaftaí ar bith, áit a gcaithfeá stopadh agus an traein a ligean thart. Bhí an turas ag dul go breá go dtí go deachaigh siad trasna ar cheann de na ráillí seo. Cibé a tharla, shleamhnaigh rotha an chairr ar na ráillí agus ghreamaigh sí istigh idir na ráillí. Nuair a rinneadh rudaí a scrúdú chonaic siad go raibh poll mór sa talamh idir an roth tosaigh agus an roth deiridh agus nach dtiocfaí an carr a fháil amach go líonfaí an poll sin. Go hádhúil le Dia bhí sé ag tarraingt ar an dó a chlog ar maidin agus cha raibh trae- nacha ar bith ag reáchtáil fán am sin den oíche. Bhí claí i ndeis dóbhtha agus líon siad an poll seo le clocha ón chlaí agus idir an brú, an dingeadh agus mion- naí móra d ’ éirigh leo an carr a fháil ar ais ar an bhealach mhór. Bhí sé ag tar- raingt ar an trí a chlog ar maidin nuair a shroich siad ceann scríbe agus thug Jimmí na fir a bhí ina chuideachta isteach ‘ un tigh áit a dearn sé béile maith de bhagún agus d ’ uibheacha dóbhtha sula dtug siad aghaidh ar an turas ‘ na bhaile. Chuala sé uafa ina dhiaidh sin gur stop siad i mBun Dobhráin ar a mbealach ‘ na bhaile, timpeall a naoi a chlog ar maidin, fá choinne an bricfeasta a fháil! Cé gur stad Jimmí d ’ imirt peile le Muinchille blianta fada ó shin char bhris sé an ceangal leis an chumann peile. Bhéarann sé ruaig thart ar thithe tabhairne Mhuinchille go fóill oíche Shathairn ag díol ticéidí lotto do chumann peile Mhuinchille. Nach dtaispeánann sin an spiorad iontach atá ann? Jimmí agus Eilís. Pósadh Jimmí agus a bhean Eilís sa bhliain 1976. Tháinig Eilís ón Tulach Mór, Co. Ua Fáile ach ar an drochuair fuair Eilís bás sa bhliain 2005. Ceathrar clainne atá acu – James, Aundrey, Vanessa agus Donnacha agus lena chois sin tá seach- tar garpháistí. Tá Jimmí i mbarr a mhaitheasa agus a shláinte agus cónaí air ar an Mhuinchille ach bhéarann sé ruaig go minic ar a fhód dúchais. Fear suaimhneach séimh atá ann ach is iontach an chuideachta é mar go bhfuil seanchas den scoth ann agus é breá eolach ar eachtraí agus ar dhaoine a bhí thart sa tseanam. Guímis uilig saol fada folláin dó agus buíochas mór do as a chuimhní a rann linn.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3